Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) arna taisceadh an 24 Samhain 2022 — Coral Srl v Ministero dell’Economia e delle Finanze, Agenzia delle Dogane e dei Monopoli

(Cás C-730/22)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Coral Srl

Freagróirí: Ministero dell’Economia e delle Finanze, Agenzia delle Dogane e dei Monopoli

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le Treoir 2014/23/AE, 1 a mhéid a mheastar í a bheith infheidhme, agus, in aon chás, na prionsabail ghinearálta a eascraíonn ó Airteagail 26, 49, 56 agus 63 CFAE, arna léiriú agus arna gcur i bhfeidhm le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, agus aird ar leith á tabhairt ar an toirmeasc ar idirdhealú, ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chosaint na hiomaíochta agus ar shaorghluaiseacht seirbhísí agus caipitil, ar chur i bhfeidhm rialacha náisiúnta faoina bhféadfaidh an reachtas náisiúnta nó an t-údaráis poiblí, le linn an ‘tsínidh theicniúil’, mar a thugtar air, a rinneadh a athnuachan roinnt uaireanta le deich mbliana anuas, i réimse na lamháltas cearrbhachais, difear a dhéanamh go haontaobhach don chaidreamh leanúnach tríd an oibleagáid a thabhairt isteach táillí lamháltais a íoc, nach raibh dlite ar dtús, agus ina dhiaidh sin na táillí céanna a mhéadú roinnt uaireanta, agus iad a shocrú i gcónaí ar bhonn seasta do gach lamháltóir beag beann ar láimhdeachas, agus trí shrianta breise a chur ar ghníomhaíochtaí lamháltóirí amhail an toirmeasc ar áitreabh a aistriú agus coinníoll a fhorchur chun páirt a ghlacadh sa nós imeachta amach anseo maidir le lamháltais a ath-leithdháileadh go nglacfaidh oibreoirí páirt sa síneadh?

____________

1     Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO 2014 L 94, lch. 1).