Caingean arna tabhairt an 16 Aibreán 2024 – Skechers USA v EUIPO (HOODLESS HOODIES)
(Cás T-206/24)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Skechers USA, Inc. II (Manhattan Beach, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: J. Bogatz, Y. Stone agus J. Feigl, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil le focalmharc an Aontais Eorpaigh ‘HOODLESS HOODIES’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 1 625 098
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 26 Feabhra 2024 i gcás R 1799/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid, lena seastar leis an diúltú cosanta páirteach, a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar phrionsabal an chomhionannais mar a leagtar síos in Airteagal 20 i gcomhar le hAirteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’);
Sárú ar cheart an dea-riaracháin mar a leagtar síos in Airteagal 41(1) den Chairt.
____________