Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Meitheamh 2022 – Kubara v EUIPO (good calories)
(Cás T-602/21) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh — Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh good calories — Forais absalóideacha le diúltú — Easpa saintréithe — Carachtar tuairisciúil — Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 — Deimhneacht dhlíthiúil — Ionchais dhlisteanacha)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Kubara sp. z o.o. (Częstochowa, an Pholainn) (ionadaí: A. Suskiewicz, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Walicka, i gcáil Gníomhaire)
Maidir le:
Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar cinneadh an Chéad Bhoird Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 14 Iúil 2021 (Cás R 2167/2020-1) a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1. Díbhtear don chaingean;
2. Ordaítear do Kubara sp. z o.o na costais a íoc.
____________
1 IO C 462 an 15.11.2021.