Caingean arna tabhairt an 20 Feabhra 2023– Kande Mupompa v an Chomhairle
(Cás T-88/23)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Alex Kande Mupompa (Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf agus A. Guillerme, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
Cinneadh (CBES) 2022/2412 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 1 a chur ar neamhní a mhéid a choimeádtar an t-iarratasóir in Uimh. 5 den Iarscríbhinn leis an gcinneadh sin leis;
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2401 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 1 a chur ar neamhní a mhéid a choimeádtar an t-iarratasóir in Uimh. 5 d’Iarscríbhinn I leis an Rialachán sin leis;
a ordú don Chomhairle na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí: sárú ar chearta na cosanta. Chuige sin, ardaíonn an t-iarratasóir roinnt gearán maidir le sárú ar na cearta sin le linn na n-imeachtaí a bhí ina gcúis leis na bearta sriantacha a ghlacadh agus a athnuachan ina choinne agus, go háirithe, sárú ar a cheart éisteacht a fháil faoi chúinsí atá inghlactha.
An dara saincheist dlí: earráid fhollasach mheasúnaithe a rinne an Chomhairle maidir leis an iarratasóir a lua i dtaca le gníomhartha arb ionann iad agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Poblacht Dhaonlathach an Chongó. Cáineann an t-iarratasóir comhthéacs an athbhreithnithe a rinneadh sular glacadh na bearta sriantacha, mar atá faoi chonspóid, agus áitíonn sé nach bhfuil sé rannpháirteach faoi láthair sna gníomhartha ar a bhunaítear an cinneadh é a chur ar liosta na ndaoine ar a bhfuil Cinneadh 2010/788/CBES dírithe.
____________
1 Cinneadh (CBES) 2022/2412 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2022 L 317, lch. 122).
1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2401 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2022 L 317, lch. 32).