BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)

17 Márta 2021 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 288 CFAE – Treoir 2001/82/CE – an cód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta – Airteagail 58, 59 agus 61 – Faisnéis atá le cur ar an bhforphacáistíocht, ar an neasphacáistíocht agus ar bhileoga pacáiste táirgí íocshláinte tréidliachta – Oibleagáid maidir le faisnéis a dhréachtú i dteangacha oifigiúla uile an Bhallstáit ina gcuirtear ar an margadh an táirge – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do dhréachtú faisnéis i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit – Cúirt náisiúnta ag éisteacht caingean lena n‑iarrtar cinneadh nár thrasuigh an Ballstát Treoir 2001/82/CE i gceart agus nach mór do na húdaráis inniúla an dlí náisiúnta a leasú)

I gCás C‑64/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Ard-Chúirt (Éire), trí bhreith an 20 Eanáir 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 6 Feabhra 2020, sna himeachtaí idir

UH

agus

An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara,

Éire,

An tArd-Aighne,

tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: J.–C. Bonichot, Uachtarán an Dlísheomra, L. Bay Larsen, C. Toader, M. Safjan (Rapóirtéir) agus N. Jääskinen, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Bobek,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        UH, ag D. Mac Cárthaigh, Abhcóide, agus S. Ó Tuathail, Abhcóide Sinsir,

–        Éire, ag M. Browne, M. Teahan agus A. Joyce, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó C. Ó hOisín, Abhcóide Sinsir, agus T. O’Malley, Abhcóide,

–        Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

–        an Coimisiún Eorpach, ag C. Cunniffe, L. Haasbeek agus F. Erlbacher, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 14 Eanáir 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagal 288 CFAE agus ar Airteagail 58(4), 59(3) agus 61(1) de Threoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO 2001 L 311, lch. 1), arna leasú le Treoir 2004/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 (IO 2004 L 136, lch. 58) (“Treoir 2001/82”). (1)

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir UH agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire agus an tArd-Aighne maidir le cé acu atá nó nach bhfuil reachtaíocht na hÉireann i ndáil le lipéadú agus bileog phacáiste táirgí íocshláinte tréidliachta i gcomhréir leis na ceanglais teanga a leagtar síos i dTreoir 2001/82.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Treoir 2001/82

3        I dTeideal V de Threoir 2001/82, dar teideal “Lipéadú agus an Bhileog Phacáiste”, áirítear, inter alia, Airteagail 58, 59 agus 61.

4        Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 58(1) agus (4) den treoir sin:

“1.      Ach amháin i gcás na dtáirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 17(1), formheasfaidh an t‑údarás inniúil neasphacáistíocht agus forphacáistíocht táirgí íocshláinte tréidliachta. Cuirfear ar an bpacáistíocht an fhaisnéis seo a leanas, a bheidh i gcomhréir leis na sonraí agus na doiciméid arna soláthar de bhun Airteagail 12 go 13d agus leis an achoimre ar shaintréithe an táirge, agus a thaispeánfar i gcarachtair inléite:

(a)       ainm an táirge íocshláinte, agus ina dhiaidh sin a neart agus a fhoirm chógaisíochta. Beidh an gnáthainm ann mura mbeidh ach substaint ghníomhach amháin sa táirge íocshláinte agus más ainm cumtha é an t‑ainm;

(b)       ráiteas faoi na substaintí gníomhacha arna sloinneadh go cáilíochtúil agus go cainníochtúil in aghaidh an aonaid, nó, de réir na caoi a bhfuil dáileog le tabhairt maidir le toirt nó meáchan áirithe, agus a ngnáthainmneacha á n‑úsáid sa ráiteas;

(c)       baiscuimhir an mhonaróra;

(d)       uimhir an údaraithe margaíochta;

(e)      ainm nó ainm corparáideach agus seoladh buan nó oifig chláraithe shealbhóir an údaraithe margaíochta agus an mhonaróra agus, i gcás inarb iomchuí, an t‑ionadaí arna ainmniú ag an sealbhóir sin;

(f)       an speiceas ainmhithe a bhfuil an táirge íocshláinte tréidliachta beartaithe dó; an modh agus, más gá, bealach a thabhartha. Cuirfear spás ar fáil chun an dáileog a ordaíodh a lua;

(g)       an tréimhse aistarraingthe le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta atá le tabhairt do bhiaspeicis, maidir leis na speicis ar fad lena mbaineann agus i ndáil leis na táirgí éagsúla bia lena mbaineann (feoil agus scairteach, uibheacha, bainne, agus mil), lena n‑áirítear iad siúd arb í náid fad na tréimhse aistarraingthe;

(h)       an dáta éaga, scríofa i bhfriotal soiléir;

(i)       réamhchúraimí stórála speisialta, más ann dóibh;

(j)      réamhchúraimí sonracha a bhaineann le diúscairt táirgí íocshláinte nár úsáideadh nó a bhaineann le diúscairt fuíollábhair ó tháirgí íocshláinte, i gcás inar cuí, mar aon le tagairt d’aon chóras bailithe cuí a bheidh ann;

(k)      faisnéis is gá a lua de bhun Airteagal 26(1), más ann dóibh;

(l)       na focail ‘cóir leighis le cur ar ainmhithe, agus orthusan amháin’ nó, i gcás na dtáirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 67, na focail ‘cóir leighis le cur ar ainmhithe, agus orthusan amháin – le soláthar ar oideas tréidliachta amháin’.

...

4.      Beidh an fhaisnéis a luaitear i mír 1(f) go (l) ar an bhforphacáistíocht agus ar choimeádán na dtáirgí íocshláinte i dteanga nó i dteangacha na tíre ina gcuirtear ar an margadh iad.” (2)

5        De réir Airteagal 59 de Threoir 2001/82:

“1.      Ó thaobh ampúl de, tabharfar an fhaisnéis a liostaítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 58(1) ar an bhforphacáistíocht. Ar an neasphacáistíocht, áfach, ní bheidh gá ach leis an bhfaisnéis seo a leanas:

–        ainm an táirge íocshláinte tréidliachta,

–        cainníocht na substaintí gníomhacha,

–        an bealach tabhartha,

–        baiscuimhir an mhonaróra,

–        an dáta éaga,

–        na focail ‘cóir leighis le cur ar ainmhithe, agus orthusan amháin’.

2.      Maidir le neasphacáistíocht bheag a bhfuil aon dáileog amháin inti, nach ampúil í, ar a bhfuil sé dodhéanta an fhaisnéis a luaitear i mír 1 a thabhairt, beidh feidhm ag na ceanglais in Airteagal 58(1), (2) agus (3) maidir leis an bhforphacáistíocht amháin.

3.      Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa tríú agus sa séú fleasc de mhír 1 ar fhorphácáistíocht agus ar neasphacáistíocht na dtáirgí íocshláinte i dteanga nó i dteangacha na tíre ina gcuirtear ar an margadh iad.” (3)

6        Foráiltear mar a leanas in Airteagal 61(1) den treoir:

“Is éigean bileog phacáiste a chur le pacáistíocht táirgí íocshláinte tréidliachta ach amháin i gcás inar féidir an fhaisnéis ar fad a gceanglaítear san airteagal seo a thaispeáint ar an neasphacáistíocht agus ar an bhforphacáistíocht. Glacfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun a áirithiú gur leis an táirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil sí curtha leis, agus leis an táirge sin amháin, a bhaineann an bhileog phacáiste. Beidh an bhileog phacáiste scríofa i dtéarmaí atá intuigthe don phobal i gcoitinne agus i dteanga nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina gcuirfear an táirge íocshláinte ar an margadh.” (4)

7        Leagtar amach an fhaisnéis atá le cur ar an mbileog phacáiste in Airteagal 61(2)(a) go (i) den treoir sin.

 Rialachán (AE) 2019/6

8        Sonraítear in aithrisí 52, 53 agus 96 de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n‑aisghairtear Treoir 2001/82 (IO 2019 L 4, lch. 43):

“(52)      Chun an ualach riaracháin a laghdú agus infhaighteacht táirgí íocshláinte tréidliachta a uasmhéadú sna Ballstáit, ba cheart rialacha simplithe a leagan síos faoin gcaoi ar cheart a bpacáistíocht agus a lipéid a chur i láthair. Ba cheart an fhaisnéis a sholáthraítear le téacs a laghdú .... Ba cheart a bheith cúramach nach gcuirfidh na rialacha sin sláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe nó sábháilteacht an chomhshaoil i mbaol.

(53)      Chomh maith leis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an teanga a roghnú don téacs a úsáidtear san achoimre ar shaintréithe an táirge, sa lipéadú agus i mbileog phacáiste na dtáirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe ar a gcríoch.

...

(96)      Agus na príomhathruithe ar cheart iad a dhéanamh ar rialacha atá ann cheana á gcur san áireamh, is rialachán an ionstraim dhlíthiúil iomchuí a chuirfear in ionad Threoir 2001/82/CE chun rialacha soiléire, mionsonraithe a leagan síos, ar rialacha iad a bheidh infheidhme go díreach. Thairis sin, áirithítear le rialachán go gcuirfear na ceanglais dhlíthiúla chun feidhme ag an tráth céanna agus ar mhodh comhchuibhithe ar fud an Aontais.”

9        Foráiltear mar a leanas in Airteagal 7 den rialachán sin, dar teideal “Teangacha”:

“1.      Is í teanga nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge íocshláinte tréidliachta ar fáil ar an margadh teanga nó teangacha na hachoimre ar shaintréithe an táirge agus na faisnéise ar an lipéadú agus ar an mbileog phacáiste, ach amháin i gcás ina ndéanann an Ballstát a mhalairt a chinneadh.

2.      Féadfar táirgí íocshláinte tréidliachta a lipéadú i roinnt teangacha.”

10      Luaitear an méid seo a leanas sa chéad mhír d’Airteagal 149 den rialachán sin:

“Aisghairtear Treoir 2001/82/CE.”

11      De réir Airteagal 160 den rialachán sin, dar teideal “Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm”:

“Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022.”

 Dlí na hÉireann

12      Rinneadh Treoir 2001/82 a thrasuí isteach i ndlí na hÉireann le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Leigheasanna Ainmhithe), 2007 (I. R. Uimh. 144 de 2007), agus tar éis aisghairm na rialachán sin, le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Leigheasanna Ainmhithe) (Uimh. 2), 2007 (I. R. Uimh. 786 de 2007).

13      Foráiltear leis an dara hionstraim sin go mbeidh an fhaisnéis atá le tabhairt ar fhorphacáistíocht, ar neasphacáistíocht agus ar bhileoga phacáiste le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta “i mBéarla nó i nGaeilge”.

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

14      Is náisiúnach Éireannach agus cainteoir dúchais Gaeilge ó Ghaeltacht na Gaillimhe é an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí. Is í an Ghaeilge teanga a theaghlaigh agus a chuid oibre. Reáchtálann sé a chuid gnó oifigiúil as Gaeilge a mhéid atá na hacmhainní ar fáil chuige sin. Tá peata gadhair aige agus gá aige le táirgí íocshláinte tréidliachta dá réir. Ba é an t‑ábhar gearáin a bhí aige ná gur cuireadh an fhaisnéis a bhí leis na táirgí tréidliachta as Béarla amháin seachas, mar a fhoráiltear le Treoir 2001/82, in dhá theanga oifigiúla na hÉireann, eadhon an Ghaeilge agus an Béarla.

15      Ag éirí as comhfhreagras idir na páirtithe sna príomhimeachtaí, rinne an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí iarratas leis an Ard-Chúirt ar chead chun athbhreithniú breithiúnach a lorg, an 14 Samhain 2016, maidir le mainneachtain an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Treoir 2001/82 a thrasuí i gceart ó thaobh na gceanglas teanga arna leagan síos sa treoir sin. Deonaíodh an cead sin dó agus éisteadh an cás sa chúirt a rinne an tarchur an 24 agus 25 Iúil 2018.

16      D’iarr an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí ar an gcúirt sin, go háirithe, dearbhú a thabhairt gur trasuíodh Treoir 2001/82 go mícheart i ndlí na hÉireann agus go raibh sé d’oibleagáid ar Éirinn a reachtaíocht náisiúnta a leasú ionas go dtabharfaí an fhaisnéis dá dtagraítear sa treoir sin in dhá theanga oifigiúla an Stáit, is é sin le rá, i nGaeilge agus i mBéarla araon, i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta a chuirtear ar mhargadh an Stáit, leis an gcló sa dá theanga den mhéad céanna, agus tosaíocht shoiléir ag an nGaeilge, ós í an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil í.

17      Tar éis di a chinneadh an 26 Iúil 2019 go raibh locus standi ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí, ar an bhforas go raibh forálacha teanga Threoir 2001/82 soiléir, beacht agus neamhchoinníollach, agus tar éis di a chinneadh nach raibh na forálacha sin á gcomhlíonadh leis an reachtaíocht náisiúnta, thug an chúirt a rinne an tarchur dá haire, áfach, go bhféadfaí, ón 28 Eanáir 2022, an dáta a thiocfaidh Rialachán 2019/6 i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 160 de, an fhaisnéis is gá ar an bhforphacáistíocht, ar an bpacáistiú inmheánach agus ar bhileoga pacáiste táirgí íocshláinte tréidliachta a dhréachtú i nGaeilge nó i mBéarla. D’fhiafraigh an chúirt sin, dá bhrí sin, d’ainneoin an tsáraithe ar dhlí an Aontais Eorpaigh sa chás seo, an raibh discréid aici, má mheasann sí gur cuí, gan an t‑ordú arna lorg sa chaingean a dheonú, amhail an ceann atá cúirt náisiúnta údaraithe a thabhairt i gcás sárú ar an dlí náisiúnta, agus d’iarr sí ar na páirtithe sna príomhimeachtaí aon bharúlacha a thabhairt ina leith sin.

18      D’áitigh an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí nach bhféadfaí discréid den sórt sin a cheadú i gcás sárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh, mar gheall ar phrionsabail na héifeachta dírí agus an fhorlámhais, ar an gceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí, dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus ar an smacht reachta a urramú.

19      Óna dtaobhsan, thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire agus an tArd-Aighne, na cosantóirí sna príomhimeachtaí, le fios go bhféadfaidh an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair, fiú amháin má éiríonn le hiarratasóir dúshlán cinnidh údaráis phoiblí a thabhairt trí athbhreithniú breithiúnach, diúltú, dá rogha féin, d’fhaoiseamh a dheonú don iarratasóir in imthosca áirithe, amhail easpa feidhme úsáidí le faoiseamh a dheonú nó tionchar díobhálach ar thríú páirtithe.

20      Sa chás seo, tá an tairbhe a d’fhéadfadh an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí a fháil ón bhfaoiseamh arna lorg an‑teoranta mar gheall ar theacht i bhfeidhm Rialachán 2019/6 ón 28 Eanáir 2022. Ina theannta sin, dá ndeonófaí an faoiseamh sin, d’fhéadfadh soláthraithe agus dáileoirí táirgí íocshláinte tréidliachta tarraingt siar ó mhargadh na hÉireann i bhfianaise na srianta a bhaineann leis an oibleagáid an fhaisnéis a dhréachtú i nGaeilge agus i mBéarla, agus bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ag an méid sin ar shláinte ainmhithe agus ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta.

21      I bhfianaise na n‑argóintí a cuireadh faoina bráid, is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur a dheimhniú, dá ndiúltófaí an faoiseamh arna lorg ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí, nach sárófaí dlí an Aontais Eorpaigh.

22      Sna himthosca sin, chinn an Ard-Chúirt bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“(1)      An bhfuil an discréid ag cúirt náisiúnta faoiseamh a dhiúltú in ainneoin gur chinn sí gur theip ar an dlí náisiúnta éifeacht a thabhairt do ghné ar leith de Threoir den Aontas Eorpach agus, má tá an discréid sin aici, cad iad na tosca cuí a ba chóir a chur san áireamh i dtaca leis in discréid agus/nó an bhfuil an chúirt náisiúnta i dteideal na tosca céanna, a chuirfeadh sí san áireamh dá mba shárú ar an dlí náisiúnta a bheadh faoi chaibidil aici, a chur san áireamh?

(2)      An mbainfí an bonn de phrionsabal na héifeachta dírí i nDlí an Aontais Eorpaigh dá ndiúltódh cúirt náisiúnta faoiseamh a dheonú sa chás seo mar gheall ar theacht i bhfeidhm Airteagal 7 de Rialachán [2019/6] (agus a chur i bhfeidhm arna chur siar go dtí an 28ú Eanáir 2022), in ainneoin gur chinn an chúirt náisiúnta gur theip ar an dlí náisiúnta éifeacht a thabhairt don dualgas in Airteagail 61(1), 58(4), agus 59(3) de Threoir [2001/82] go mbeadh pacáistiú agus lipéadú táirgí tréidliachta i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit .i. Gaeilge chomh maith le Béarla in Éirinn?”

 Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

 Inghlacthacht na gceisteanna

23      Ina mbarúlacha i scríbhinn, ceistíonn Éire agus Rialtas na Polainne inghlacthacht na gceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú.

24      Maíonn Éire, ar an gcéad dul síos, go ndearna sí na forálacha de Threoir 2001/82 atá i gceist sna príomhimeachtaí a thrasuí mar ba cheart, a bhfuil a bhfoclaíocht débhríoch, a fhágann go mbeadh cinneadh an Bhallstáit sin iad a chur chun feidhme ar chaoi ina gceadófaí teanga amháin dá theangacha oifigiúla a úsáid laistigh dá chorrlach breithmheasa.

25      Ar an dara dul síos, áitíonn Éire gur léir ó chuspóir sainráite na treorach sin nach cearta teanga ná cearta cultúir iad na cearta a eascraíonn aisti, ach cearta a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis faoi tháirgí íocshláinte tréidliachta. Ní dhéanfaí na cearta sin a shárú ach amháin i gcás ina mbeadh pacáistíocht nó lipéadú ag tomhaltóir nach bhféadfadh sé a thuiscint go hiomlán. Ní mhaíonn an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, áfach, gur tháinig sé ar aon phacáistíocht nó lipéadú nach raibh sé in ann a thuiscint go hiomlán.

26      Dar le Rialtas na Polainne, ní chuirtear de cheangal ar chúirteanna náisiúnta le dlí an Aontais Eorpaigh faoiseamh a dheonú lena n‑ordaítear do na húdaráis náisiúnta inniúla an dlí náisiúnta a leasú d’fhonn é a chur i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh. In aon chás, maíonn an rialtas sin nach n‑éireoidh leis an gcaingean sna príomhimeachtaí. Fiú dá nglacfaí leis go n‑eascraíonn ceart chun faisnéis a ghabhann le táirgí íocshláinte tréidliachta a bheith ar fáil i nGaeilge ó fhorálacha de Threoir 2001/82 atá neamhchoinníollach agus sách beacht, ní ceart é, i bhfianaise a chineáil, a d’fhéadfaí a agairt i gcoinne údaráis na hÉireann. Is de chúram eintiteas príobháideach í an oibleagáid chun na táirgí sin a lipéadú i nGaeilge, is é sin le rá monaróirí agus dáileoirí na dtáirgí sin, agus ní fhéadfadh an t‑iarratasóir forálacha treorach a agairt ina gcoinne.

27      Ina leith sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 26 dá Thuairim, baineann na hargóintí ó Éirinn agus ó Rialtas na Polainne le tuillteanas na caingne sna príomhimeachtaí. Ní féidir le hargóintí a bhaineann le ceisteanna substainteacha caingne tionchar ar bith a bheith acu ar inghlacthacht na gceisteanna arna dtarchur [féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. e.a. (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí), C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, mír 111].

28      Thairis sin, de réir chásdlí socair na Cúirte, baineann toimhde ábharthachta le ceisteanna maidir le léirmhíniú ar dhlí an Aontais Eorpaigh arna dtarchur ag cúirt náisiúnta sa chomhthéacs fíorasach agus reachtach ar faoin gcúirt sin atá sé a shainiú, agus nach faoin gCúirt atá sé a chruinneas a fhíorú (breithiúnas an 2 Feabhra 2021, Consob, C‑481/19, EU:C:2021:84, mír 29). Ní féidir an toimhde ábharthachta sin a bhréagnú leis an bhféidearthacht go bhféadfaí nach n‑éireodh leis an iarratasóir sna príomhimeachtaí os comhair na cúirte náisiúnta, sa deireadh thiar, go háirithe ar bhonn léirmhíniú áirithe ar dhlí an Aontais arna ghlacadh ag an gCúirt.

29      I bhfianaise an mhéid sin, ní foláir a dhearbhú go bhfuil na ceisteanna a tarchuireadh chun réamhrialú inghlactha.

 Substaint an cháis

30      Lena dhá ceist, a dhéanfar a mheas le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ar an gCúirt an gcaithfear Airteagal 288 CFAE a léirmhíniú amhail go gcuirtear bac leis ar chúirt náisiúnta, i gcás ina gcinneann sí, i gcomhthéacs nós imeachta a leagtar síos chuige sin sa dlí náisiúnta, gur mhainnigh an Ballstát lena mbaineann sí a oibleagáid a chomhlíonadh i leith Treoir 2001/82 a thrasuí i gceart, diúltú, ar an bhforas go ndealraíonn sé di go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le Rialachán 2019/6, lena n‑aisghairtear an treoir agus a mbeidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022, do dhearbhú breithiúnach a ghlacadh ina sonrófar nár thrasuigh an Ballstát sin an treoir sin i gceart agus go bhfuil sé de cheangal air é sin a leigheas.

31      I ndáil leis sin, ní mór a choinneáil i gcuimhne go bhfuil oibleagáid na mBallstát a eascraíonn as treoir chun an toradh a bheartaítear leis an treoir sin a bhaint amach, agus a ndualgas faoi Airteagal 4(3) CAE agus Airteagal 288 CFAE, gach beart iomchuí a ghlacadh, cibé acu ginearálta nó sonrach, chun comhlíonadh na hoibleagáide sin a áirithiú, ina gceangal ar údaráis uile na mBallstát, lena n‑áirítear, laistigh dá ndlínse, na cúirteanna (breithiúnais an 19 Aibreán 2016, DI, C‑441/14, EU:C:2016:278, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear; an 4 Deireadh Fómhair 2018, Link Logistik N&N, C‑384/17, EU:C:2018:810, mír 57, agus an 13 Nollaig 2018, Hein, C‑385/17, EU:C:2018:1018, mír 49).

32      Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir go gceadaítear le dlí na hÉireann do dhaoine aonair dearbhú breithiúnach a fháil ina sonraítear nach bhfuil treoir de chuid an Aontais Eorpaigh trasuite i gceart ag Éirinn agus go bhfuil sé de cheangal uirthi í a thrasuí, agus ag an am céanna fágtar an rogha faoi na cúirteanna náisiúnta diúltú do dhearbhú den sórt sin a eisiúint, ar na forais arna mbunú leis an dlí sin.

33      Ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, ós rud é gur chinn an chúirt a rinne an tarchur nár trasuíodh Treoir 2001/82 i gceart, nach mór di gach beart iomchuí a ghlacadh, cibé acu ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go mbainfear amach an toradh a bheartaítear leis an treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 1996, Kraaijeveld e.a., C‑72/95, EU:C:1996:404, mír 55).

34      Ní féidir a lua go bhfuil reachtaíocht na hÉireann i gcomhréir le Rialachán 2019/6 cheana féin, a mbeidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022, chun an cinneadh go bhfuil an reachtaíocht sin ar neamhréir le dlí an Aontais a thabhairt faoi amhras go dtí an dáta sin, gan trácht ar údar a thabhairt don neamhréireacht sin.

35      Dá bhrí sin, go dtí go ndéanfar Treoir 2001/82 a aisghairm leis an rialachán sin, beidh forálacha na treorach sin fós ina gceangal, mura gcinnfidh an Chúirt go bhfuil siad neamhbhailí (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Feabhra 1979, Granaria, 101/78, EU:C:1979:38, mír 5 agus an 21 Meán Fómhair 1989, Hoechst v An Coimisiún, 46/87 agus 227/88, EU:C:1989:337, mír 64).

36      Ina theannta sin, is í an Chúirt, agus í sin amháin, i gcásanna eisceachtúla agus de bharr cúinsí sáraitheacha maidir le deimhneacht dhlíthiúil, a fhéadfaidh a dheonú go gcuirfear ar fionraí an éifeacht atá le riail de chuid dhlí an Aontais i ndáil le dlí náisiúnta atá contrártha leis (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Iúil 2016, Association France Nature Environnement, C‑379/15, EU:C:2016:603, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

37      Sna himthosca sin, cuirtear cosc le hAirteagal 288 CFAE ar chúirt náisiúnta neamhaird a thabhairt ar an oibleagáid a fhorchuirtear ar an mBallstát lena mbaineann sí chun treoir a thrasuí ar an bhforas go maítear go mbeadh an trasuí sin díréireach de bharr go bhféadfadh sé a bheith costasach nó fánach mar thoradh ar rialachán a thiocfaidh i bhfeidhm go luath agus atá beartaithe chun teacht in ionad na treorach sin agus a bhfuil dlí an Bhallstáit sin i gcomhréir go huile leis.

38      Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 288 CFAE, ceanglaítear ar an gcúirt a rinne an tarchur, a chinn nach bhfuil an reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2001/82, an t-iarratas ar dhearbhú a dheonú go bhfuil oibleagáid ar Éirinn trasuí mícheart na treorach sin a leigheas.

39      I bhfianaise an mhéid sin thuas, ní mór Airteagal 288 CFAE a léirmhíniú amhail go gcuirtear bac leis ar chúirt náisiúnta, i gcás ina gcinneann sí, i gcomhthéacs nós imeachta arna leagan síos chuige sin leis an dlí náisiúnta, gur mhainnigh an Ballstát lena mbaineann sí a oibleagáid a chomhlíonadh i leith Treoir 2001/82 a thrasuí i gceart, diúltú, ar an bhforas go ndealraíonn sé di go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le Rialachán 2019/6 lena n-aisghairtear an treoir sin agus a mbeidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022, do dhearbhú breithiúnach a ghlacadh ina sonrófar nár thrasuigh an Ballstát sin an treoir sin i gceart agus go bhfuil sé de cheangal air é sin a leigheas.

 Costais

40      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas:

Ní mór Airteagal 288 CFAE a léirmhíniú amhail go gcuirtear bac leis ar chúirt náisiúnta, i gcás ina gcinneann sí, i gcomhthéacs nós imeachta arna leagan síos chuige sin leis an dlí náisiúnta, gur mhainnigh an Ballstát lena mbaineann sí a oibleagáid a chomhlíonadh i leith Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta, arna leasú le Treoir 2004/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 a thrasuí i gceart, diúltú, ar an bhforas go ndealraíonn sé di go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena naisghairtear Treoir 2001/82, lena naisghairtear an treoir sin agus a mbeidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022, do dhearbhú breithiúnach a ghlacadh ina sonrófar nár thrasuigh an Ballstát sin an treoir sin i gceart agus go bhfuil sé de cheangal air é sin a leigheas.

Sínithe:


*      Teanga an cháis: an Ghaeilge.


1 [Aistriúchán neamhoifigiúil]


2 [Aistriúchán neamhoifigiúil]


3 [Aistriúchán neamhoifigiúil]


4 [Aistriúchán neamhoifigiúil]