Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Bheilg) a taisceadh an 19 Nollaig 2023 – Liège Airport Security v État belge, dá ndéanann an tAire Gnóthaí Baile ionadaíocht
(Cás C-783/23, Liège Airport Security)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour de cassation
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Liège Airport Security
Cosantóir: État belge, dá ndéanann an tAire Gnóthaí Baile ionadaíocht
An cheist a tharchuirtear:
An gcaithfear Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 1 a léiriú sa chaoi nach ndéanann an t-údarás inniúil arna ainmniú de bhun na forála sin faireachán ar chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 4 gan gach údarás eile a chur san áireamh, ach amháin nuair a eascraíonn na buncaighdeáin sin as an tslándáil eitlíochta sibhialta.
____________
1 IO 2008 L 97, lch. 72).