Iarraidh ar réamhrialú ó Attunda tingsrätt (an tSualainn) a taisceadh an 13 Márta 2024 – ND v Garrapatica AB
(Cás C-199/24, Garrapatica)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Attunda tingsrätt
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ND
Cosantóir: Garrapatica AB
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcéadaítear le hAirteagal 85(1) de RGCS do na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh de bhreis orthu sin nach mór dóibh a ghlacadh faoi Airteagal 85(2) den Rialachán a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha seachas críocha iriseoireachta nó chun críocha léirithe acadúla, ealaíonta nó liteartha?1
I gcás freagra dearfach ar an gceist roimhe seo: Maidir le hAirteagal 85(1) de RGCS, an féidir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an rialacháin sin a thabhairt chun réitigh leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, rud a chiallaíonn gurb é an t-aon leigheas dlí atá ar fáil do dhuine a ndéantar a shonraí pearsanta a phróiseáil trí chiontuithe coiriúla a bhaineann leis an duine sin a chur ar fáil don phobal ar an idirlíon mar chúiteamh ar íocaíocht ná imeachtaí coiriúla a thionscnamh mar gheall ar chlúmhilleadh nó damáistí a éileamh mar gheall ar chlúmhilleadh?
I gcás freagra diúltach ar an gcéad cheist nó ar an dara ceist: An féidir gurb ionann gníomhaíocht arb é atá inti doiciméid phoiblí i bhfoirm ciontuithe coiriúla a chur ar fáil don phobal ar an idirlíon ar íocaíocht, gan aon phróiseáil nó eagarthóireacht a dhéanamh orthu, agus próiseáil sonraí pearsanta chun na gcríoch atá leagtha amach in Airteagal 85(2) de RGCS?
____________
1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).