Caingean arna tabhairt an 17 Feabhra 2023 – Google v EUIPO – EPay (GPAY)
(Cás T-78/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Google LLC (Mountain View, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: C. Schmitt agus M. Kinkeldey, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: EPay AD (Sóifia, an Bhulgáir)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “GPAY” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 138 507
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 30 Samhain 2022 i gCás R 1761/2021-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO agus an páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, i gcás go ndéanann sé idiragairt, costais na n-imeachtaí a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________