Iarraidh ar réamhrialú ó Vilniaus apygardos teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 27 Samhain 2023 – ‘Skycop.com’ UAB v Ryanair DAC
(Cás C-716/23, Skycop.com)
Teanga an cháis: an Liotuáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Vilniaus apygardos teismas
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir: ‘Skycop.com’ UAB
Páirtí eile sna himeachtaí: Ryanair DAC
Páirtithe sna príomhimeachtaí:
An gcaithfear Airteagal 6(1)(iii) de Rialachán Uimh. 261/2004 1 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8(1)(a) de, a léiriú sa chiall go bhfuil paisinéirí a dhiúltaigh dul ar eitilt a raibh moill cúig uair an chloig ar a laghad uirthi agus nach bhfónann an eitilt a thuilleadh dóibh i dteideal an chúitimh dá bhforáiltear in Airteagal 7 den Rialachán sin?
Más freagra dearfach atá ar an gcéad cheist, cad iad na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh chun go mbeadh paisinéir den sórt sin i dteideal cúitimh faoi Airteagal 7 de Rialachán Uimh. 261/2004, nó an bhfuil paisinéir den sórt sin i dteideal cúitimh beag beann ar an gcúis ar dhiúltaigh an paisinéir dul ar eitilt a raibh moill cúig uair an chloig ar a laghad uirthi?
____________
1 IO 2004 L 46, lch. 1.