Caingean arna tabhairt an 12 Meitheamh 2023 – The Not Company v EUIPO (NOT MILK)
(Cás T-320/23)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: The Not Company SpA (Santiago, an tSile) (ionadaithe: I. Valdelomar Serrano, J. Rodríguez-Fuensalida y Carnicero, P. Ramells Higueras, A. Figuerola Moure, agus P. Muñoz Moreno, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ina bhfuil na gnéithe focail “NOT MILK” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 508 169
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 28 Márta 2023 i gCás R 2233/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
a dhearbhú gur cuireadh Airteagal 7(1)(b) agus (c) agus Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i bhfeidhm go hearráideach sa chinneadh atá faoi chonspóid;
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
leanúint le próiseáil an mhairc fhíortha in aicmí 29 agus 32, sula ndeonaítear ina dhiaidh sin é.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an dea-riaracháin.
____________