Caingean arna tabhairt an 21 Nollaig 2023 – Antimo Caputo v EUIPO – Barbato (NuvolaSuper)
(Cás T-1178/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Antimo Caputo Srl (Napoli, an Iodáil) (ionadaí: F. Musella, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Pasquale Barbato (Villanova De Bellis (MN), an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘NuvolaSuper’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 362 145
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 2068/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
freasúra Uimh. B 3 145 038 a dhiúltú ina iomláine;
mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an mBord Achomhairc lena athbhreithniú;
a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí na costais a íoc ag an gcéad chéim agus ar achomharc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________