Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia del País Vasco (an Spáinn) a taisceadh an 5 Iúil 2023 –HJ v US, MU
(Cás C-531/23, Loredas) 1
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Superior de Justicia del País Vasco
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: HJ
Cosantóirí: US, MU
An cheist a tharchuirtear:
Maidir le hAirteagail
3, 5, 6, 16, 17, Airteagal 17.4 b), Airteagail 19 agus 22 de Threoir 2003/88 1 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le heagrú ama oibre,
Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ag féachaint do chásdlí an chomhphobail (breithiúnas CBAE an 14 Bealtaine 2019, C-55/18 1 ),
Airteagail 20 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
Airteagal 3(2) de Chonradh CE,
Airteagail 1 agus 4 de Threoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010, maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm […] 1 ,
Airteagail 1, 4 agus 5 de Threoir 2006/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006, maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha 1 agus
Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha 1 , i dtaca le cásdlí an chomhphobail (breithiúnas CBAE an 2[4] Feabhra 202[2], C-389/20 2 ),
An gcaithfear léiriú a dhéanamh orthu ar chaoi go gcuirtear cosc ar riail reachtaíochta leo amhail Airteagal 9.3 den Real Decreto (Foraithne Ríoga) 16/20/2011 lena ndíolmhaítear an fostaí ón oibleagáid taifead a choinneáil ar uaireanta oibre an oibreora?
____________
1 Ainm dlítheanach atá in ainm an cháis seo. Ní thagraítear leis d’ainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le heagrú ama oibre - IO 2003 L 299, lch. 9.
1 Breithiúnas an 14 Bealtaine 2019,
CCOO (C-55/18, ECLI: EU:C:2019:402)
1 IO 2010 L 180, lch. 1.
1 IO 2006 L 204, lch. 23.
1 IO 2000 L 303, lch. 16.
1 Breithiúnas an 24 Feabhra 2022,
TGSS (C-389/20, ECLI: EU:C:2022:120)