Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale ordinario di Bologna (an Iodáil) a taisceadh an 24 Márta 2022 – OV v Ministero Interno – Unità Dublino
(Cás C-217/22)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale ordinario di Bologna
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: OV
Cosantóir: Ministero Interno – Unità Dublino
An cheist a tharchuirtear:
An gá Airteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 1 , go háirithe i bhfianaise an chirt chun leighis éifeachtaigh a leagtar síos in Airteagal 27 den Rialachán sin, a léirmhíniú amhail is go bhfuil an t-iarratasóir, a rinne agóid roimh chúirteanna an Stáit iarrthaigh in gcoinne an chinnidh aistrithe a ghlac Aonad Bhaile Átha Cliath an Stáit sin i gcomhthéacs nós imeachta um ghabháil ar ais faoi Airteagal 18(1)(b), i dteideal agairt a dhéanamh i leith shárú an Stáit iarrthaigh ar dhualgas faisnéise a sholáthar a leagtar síos in Airteagal 4 nó ar an oibleagáid i leith agallamh pearsanta a eagrú faoi Airteagal 5 den Rialachán sin, agus más freagra dearfach an freagra a tabharfar, cé chomh ábharthach is atá an sárú sin?
____________
1 Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO 2013 L 180 lch. 31)