Ordú na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 9 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Budapest Környéki Törvényszék - an Ungáir) – YG, NI v AXA Bank Europe SA, OTP Bank Nyrt., OTP Faktoring Követeléskezelő Zrt.
(Cás C-628/23 1 , AXA Bank Europe agus páirtithe eile)
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte – Ceanglas comhthéacs dlíthiúil na díospóide sna príomhimeachtaí – Ceanglas na cúiseanna a lua a thugann bonn cirt don ghá le freagra ón gCúirt Bhreithiúnais chomh maith leis an nasc idir forálacha dhlí an Aontais a n-iarrtar uirthi a léiriú agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme – Easpa sonraí leordhóthanacha – Do-ghlacthacht fhollasach)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Budapest Környéki Törvényszék
Parties à la procédure au principal
Iarratasóirí: YG, NI
Cosantóirí: AXA Bank Europe SA, OTP Bank Nyrt., OTP Faktoring Követeléskezelő Zrt.
An chuid oibríochtúil
Tá an iarraidh ar réamhrialú ó Budapest Környéki Törvényszék (Cúirt Réigiúnach Bhúdaipeist, an Ungáir), le cinneadh an 21 Meán Fómhair 2023, do-ghlactha go follasach.
____________
1 IO C, C/2024/628.