Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2024 – ECE Group GmbH v EUIPO – ECE Piknik Ürünleri Plastik ve Kömür Üretim Ithalat Ihracat (ECE QUALITY OF LIFE)
(Cás T-581/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ECE QUALITY OF LIFE – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe ECE – Foras coibhneasta maidir le diúltú – Airteagal 8(1)(b) agus (5) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: ECE Group GmbH & Co. KG (Hamburg, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Kloth, R. Briske, M. Tillwich agus P. Funke, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: R. Raponi agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: ECE Piknik Ürünleri Plastik ve Kömür Üretim Ithalat Ihracat Anonim Sirketi (Dilovasi, an Tuirc)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go n-athrófaí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 4 Iúil 2022 (Cás R 1384/2021 2).
An chuid oibríochtúil
1) Diúltaítear don chaingean.
2) Ordaítear do ECE Group GmbH & Co. KG na costais a íoc.
____________
1 IO C 463, 5.12.2022.