Iarraidh ar réamhrialú ón Svea hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 20 Bealtaine 2024 – Purefun Group AB v Doggy AB

(Cás C-365/24, Purefun Group)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Svea hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Purefun Group AB

Cosantóir: Doggy AB

Na ceisteanna a tharchuirtear:

I bhfianaise an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus phrionsabal bunúsach na saorghluaiseachta earraí agus seirbhísí faoi dhlí an Aontais, an bhfuil sé i gcomhréir le forálacha na Treorach maidir le Trádmharcanna, 1 go háirithe Airteagal 1 agus Airteagal 5(4), córas a bheith ann faoin dlí náisiúnta trínar féidir le ceart níos luaithe in ainm cuideachta a bheith ina bhonn chun toirmeasc a chur ar úsáid comhartha trádála ina dhiaidh sin sa réimse iomlán gníomhaíochta a bhfuil ainm na cuideachta cláraithe ina leith agus gan aon cheanglas gur úsáideadh ainm na cuideachta chun idirdhealú a dhéanamh idir earraí nó seirbhísí?

Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 1, an bhfuil sé i gcomhréir leis an Treoir maidir le Trádmharcanna agus le dlí an Aontais go ginearálta maidir le hainm cuideachta, a úsáidtear mar chomhartha chun idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha áirithe earraí nó seirbhísí i réimse na gníomhaíochta a bhfuil ainm na cuideachta cláraithe ina leith, an bhfuil sé sin ina fhoras le toirmeasc a chur ar úsáid comhartha trádála ina dhiaidh sin i ndáil le cineálacha earraí nó seirbhísí seachas iad sin a n-úsáidtear ainm na cuideachta mar chomhartha ina leith?

____________

1 Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO 2015 L 336, lch. 1).