Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 19 Feabhra 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Poznaniu – an Pholainn) – OR agus páirtithe eile v Getin Noble Bank S.A.
(Cásanna Uamtha C-449/23 agus C-450/23, 1 Witon agus Ralecyk 2 )
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Airteagal 267 CFAE – Léiriú ar dhlí an Aontais ina riachtanas chun go dtabharfadh an chúirt a rinne an tarchur a breithiúnas – Neamhláithreacht – Cineál hipitéiseach na gceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú – Do-ghlacthacht fhollasach)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Okręgowy w Poznaniu
Páirtithe
Iarratasóirí: OR (C-449/23), LO, KQ, OX (C-450/23)
Cosantóir: Getin Noble Bank S.A.
An chuid oibríochtúil
Tá na hiarrataí ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Poznaniu (an Chúirt Réigiúnach, Poznań, an Pholainn) trí chinntí an 15 Márta 2023 do-ghlactha go follasach.
____________
1 Dáta an taiscthe: 18.07.2023
1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.