Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Márta 2024 – DEC Technologies v EUIPO – Tehnoexport (DEC FLEXIBLE TECHNOLOGIES agus Léiriú ar chearnóg le cuair)
(Cás T-59/23 agus T-68/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta –Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh DEC FLEXIBLE TECHNOLOGIES agus marc fíortha ina léirítear cearnóg le cuair – Dearbhfhoras neamhbhailíochta – Meon mímhacánta – Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: DEC Technologies BV (Enscede, an Ísiltír) (ionadaithe: R. Brtka agus M. Witzmann, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: C. Bovar agus E. Markakis, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Tehnoexport d.o.o. Inđija (Inđija, an tSeirbia) (ionadaí: C. Schumacher, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní na cinntí ón gCúigiu Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 6 Nollaig 2022 (Cás R 2009/2021-5 agus an 30 Samhain 2022 (Cás R 2012/2021-5).
An chuid oibríochtúil
Déantar Cásanna T-59/23 agus T-68/23 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais.
Diúltaítear do na caingne.
Ordaítear do DEC Technologies BV na costais a íoc.
____________
1 IO C 112 27.3.2023.