Caingean arna tabhairt an 4 Nollaig 2023 – Funline International v EUIPO – MS Trade (JUNGLE PREMIUM)
(Cás T-1135/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Funline International (Nua-Eabhrac, Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: Z. Juppová, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: MS Trade s.r.o. (Prág, Poblacht na Seice)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “JUNGLE PREMIUM” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 8 951 295
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Meán Fómhair 2023 i gCás R 2263/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; nó
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an t-iarratas ar chúlghairm a dhiúltú; agus
ordú a thabhairt do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le léiriú raon feidhme na cosanta a thugtar le clárú trádmhairc agus a mhéid a bhaineann le léiriú a fhíorúsáide;
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cineál na n-earraí a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith;
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le léiriú ar fheidhm trádmhairc;
Sárú ar Airteagal 19(1) den Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil.
____________