Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 23 Samhain 2023 – JC-T, MT v Wojewodzie Mazowieckiemu
(Cás C-713/23, Wojewoda Mazowiecki)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Naczelny Sąd Administracyjny
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: JC-T, MT
Cosantóir: Wojewoda Mazowiecki
An cheist a tharchuirtear:
Maidir le hAirteagal 20(2)(a) agus Airteagal 21 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7 agus Airteagal 21(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 2(2) de Threoir 2004/38/CE maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE, 1 an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leo ar dhiúltú ag údaráis inniúla Ballstáit, dar náisiúnach é saoránach an Aontais, ar pósadh le saoránach eile an Aontais (duine atá ar comhghnéis leis) i mBallstát i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin, an teastas pósta sin a aithint agus a aistriú sa chlár náisiúnta stádais shibhialta, rud a fhágann go bhfuil cosc ar shainchónaí a bheith ar na daoine sin sa Ballstát sin agus an stádas pósta sin chomh maith leis an aon sloinne amháin a bheith acu, ar an bhforas nach bhforáiltear le dlí an Bhallstáit óstaigh do phósadh comhghnéis?
____________
1 IO 2004 L 158, lch. 77.