Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2024 – Italia Wanbao-ACC v an Coimisiún
(Cás T-583/20) 1
(Iomaíocht – Comhchruinnithe – Margadh le haghaidh comhbhrúiteoirí cuisniúcháin tí ar luas athraitheach heirméiteach – Cinneadh lena leasaítear na gealltanais a rinneadh ceangailteach – Coinníollacha ginearálta maidir le gealltanais a athbhreithniú – Clásal athbhreithnithe níos spriocdhírithe – Coinníoll a bhaineann le hathrú ar struchtúr an mhargaidh – Earráid dlí)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Italia Wanbao-ACC Srl (Borgo Valbelluna, an Iodáil) (ionadaithe: P. Ferrari agus F. Filì, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Ernst, S. Baches Opi agus G. Conte, Gníomhairí)
Idiragraí, ag tacú leis an gcosantóir: Nidec Corp. (Kyoto, an tSeapáin) (ionadaithe: F. Montag agus A. Van Cauwelaert, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2020) 3118 final ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2020, lena leasaítear na gealltanais a rinneadh ceangailteach le Cinneadh C(2019) 2734 final an 12 Aibreán 2019, lenar údaraíodh an comhchruinniú i gCás M.8947, Nidec v Whirlpool (Embraco Business) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear Cinneadh C(2020) 3118 final ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2020 lena leasaítear na gealltanais a rinneadh ceangailteach le Cinneadh C(2019) 2734 final an 12 Aibreán 2019, lenar údaraíodh an comhchruinniú i gCás M.8947, Nidec v Whirlpool (Embraco Business) ar neamhní.
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Italia Wanbao-ACC Srl a íoc.
Ordaítear do Nidec Corporation a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 378, 9.11.2020.