Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2022 - Bayerische Ärzteversorgung, Bayerische Architektenversorgung, Bayerische Apothekerversorgung, Bayerische Rechtsanwalts- und Steuerberaterversorgung, Bayerische Ingenieurversorgung-Bau m. Psychotherapeutenversorgung v Deutsche Bundesbank
(Cás C-758/22, Bayerische Ärzteversorgung agus páirtithe eile)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesverwaltungsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Bayerische Ärzteversorgung, Bayerische Architektenversorgung, Bayerische Apothekerversorgung, Bayerische Rechtsanwalts- und Steuerberaterversorgung, Bayerische Ingenieurversorgung-Bau m. Psychotherapeutenversorgung
Cosantóir: Deutsche Bundesbank
Na ceisteanna a tharchuirtear
Ceisteanna maidir leis an léiriú ar Rialacháin (AE) 2018/231 agus (AE) Uimh. 549/2013:1
(a) An gceanglaítear le pointe (b) den chéad fhomhír de mhír 3.19 d’Iarscríbhinn A de CCE nach mór do na tomhaltóirí uile de na táirgí arna dtairiscint ag an táirgeoir an tsaoirse a bheith acu na táirgí sin a cheannach nó gan iad a cheannach agus rogha a dhéanamh ar bhonn na bpraghsanna a mhuirearaítear?
Más freagra diúltach a thabharfar ar an gceist sin?
(b) I gcásanna ina bhfaigheann formhór mór na dtomhaltóirí sin, gan saoirse rogha den sórt sin a bheith acu, ón táirgeoir táirgí arb ionann iad agus níos mó ná leath dá aschur de bhua ballraíocht éigeantach leis an táirgeoir sin agus ina bhfuil orthu ranníocaíochtaí éigeantacha ar mhéid arna shocrú ag an táirgeoir a íoc, an gcomhlíontar ceanglais na forála de bharr go raibh an rogha ag mionlach dul isteach leis an táirgeoir mar chomhaltaí deonacha agus gur fheidhmigh siad an rogha sin d’fhonn na táirgí a fháil mar mhalairt ar ranníocaíochtaí arb iad na cinn chéanna a íocann baill éigeantacha a íoc?
An mbeidh aschur margaidh ar phraghsanna atá suntasach ó thaobh an gheilleagair de, arna sainmhíniú i míreanna 3.17 go 3.19 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, ann i gcónaí má chomhlíontar “critéar an 50%” arna sainmhíniú sa tríú agus sa cheathrú habairt den tríú fomhír de mhír 3.19 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE de bhua go gclúdaítear ar a laghad 50% de na costais trí dhíolacháin thar thréimhse leanúnach ilbhliantúil, nó an gcaithfear an critéar sin a léiriú sa chiall nach coinníoll leordhóthanach (neamhthuilleamaíoch) atá ann ach coinníoll éigeantach a bhfuil feidhm aige in éineacht leis an dá réamhchoinníoll arna leagan síos i bpointí (a) agus (b) den dara habairt den chéad fhomhír de mhír 3.19 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?
Chun a chinneadh an ionann aonaid institiúideacha agus táirgeoirí margaidh arna sainmhíniú i mír 3.24 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, an gcaithfear tagairt a dhéanamh ní hamháin do mhíreanna 3.17, 3.19 agus 3.26 d’Iarscríbhinn A ach freisin do na ceanglais bhreise arna leagan síos sa dara fomhír de mhír 1.37 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?
(a) D’fhonn aonad institiúideach a aicmiú faoi fho-earnáil S.129, an gá go gceanglaítear le mír 2.107 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE go soláthrófar a shochair go léir do na rannpháirtithe go léir ar bhonn conradh árachais?
Más amhlaidh sin:
(b) An gcomhlíontar cheana an ceanglas go soláthrófar na sochair ar bhonn conarthach sa chaoi sin más rud é, cé go bhfuil ballraíocht éigeantach, ranníocaíochtaí éigeantacha agus sochair éigeantacha an aonaid institiúidigh faoi rialáil ag an gcomhlacht poiblí i gcomhréir lena reachtanna, go bhféadfaidh baill éigeantacha éilimh i leith sochair bhreise a chruthú trí ranníocaíochtaí deonacha breise a íoc?
An gcaithfear pointe (f) den tríú habairt d’Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2018/231 a léiriú sa chiall nach n-eisiatar ón gcoincheap “ciste pinsin”, arna sainmhíniú sa chéad abairt den fhoráil sin, ach na haonaid institiúideacha sin a chomhlíonann an dá chritéar arna leagan síos i mír 2.117 d’Iarscríbhinn A de CCE, nó an gcumhdaítear freisin leis an eisceacht sin aonaid institiúideacha eile nach mór glacadh leo mar scéimeanna slándála sóisialta pinsin faoi mhír 17.43 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, fiú mura gcomhlíontar leo na ceanglais go léir arna leagan síos i mír 2.117 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?
(a) Leis an gcoincheap “rialtas ginearálta” i mír 2.117(b) agus mír 17.43 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, an dtagraítear amháin don phríomhaonad i gceist nó an gcumhdaítear freisin institiúidí pinsin atá neamhspleách go dlíthiúil, atá bunaithe ar bhonn reachtúil, eagraithe ar bhonn ballraíocht éigeantach agus maoinithe ag ranníocaíochtaí agus atá i dteideal féinrialú agus cuntasaíocht leithleach?
Más amhlaidh sin:
(b) An é atá i gceist leis na ranníocaíochtaí agus na sochair a shocrú nó a fhormheas, dá dtagraítear i mír 2.117(b) d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, ná an méid a shocrú nó a fhormheas, nó an leor go bhforáiltear sa dlí do na bunrioscaí le bheith clúdaithe agus don íosleibhéal clúdaigh agus go rialaítear na prionsabail agus na teorainneacha i leith ranníocaíochtaí a bhailiú, ach é a fhágáil faoin institiúid pinsin méid na ranníocaíochtaí agus na sochar a mheas laistigh den chreat sin?
(c) An áirítear sa choincheap “aonad rialtais”, dá dtagraítear i mír 20.39 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, aonaid institiúideacha amháin a chomhlíonann na ceanglais go léir arna leagan síos i míreanna 20.10 agus 20.12 d’iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?
____________
1 Rialachán (AE) 2018/231 ón mBanc Ceannais Eorpach an 26 Eanáir 2018 maidir le ceanglais tuarascála staidrimh le haghaidh cistí pinsin (BCE/2018/2) (IO 2018 L 45, lch. 3) i gcomhar le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO 2013 L 174, lch. 1, “CCE”).