Cad atá déanta ag an gCúirt Bhreithiúnais domsa?
I mbreis agus 25,000 rialú go dtí seo, tá cinntí tugtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar réimse leathan ábhar a bhfuil tionchar díreach acu ar shaol shaoránaigh an Aontais. Breathnaímid anseo ar roinnt cásanna den chaoi a dtugann breithiúnais na Cúirte cosaint do chearta na saoránach sa domhan digiteach, d’aerthaisteal agus do chúram sláinte trasteorann.
