An Chúirt Bhreithiúnais agus an saol digiteach
Bíonn dúshláin nua ag baint le húsáid mhéadaitheach na seirbhísí ar líne, go háirithe i ndáil le príobháideachas agus cosaint sonraí. San fhíseán gearr seo, mínítear an chaoi ar mhúnlaigh cinntí na Cúirte Breithiúnais ár gcearta ar líne, lena n-áirítear cearta na n-údarás rialtais chun ár sonraí a stóráil, aistriú sonraí pearsanta lasmuigh den Aontas agus an ceart go ndéanfadh innill chuardaigh idirlín ligean i ndearmad.
