Do chearta ar líne: an méid is gá a bheith ar eolas ag gach úsáideoir idirlín
Saoirse chun tuairimí a nochtadh, príobháideachas agus cosaint tomhaltóirí: tá na cearta ríthábhachtacha sin i gcroílár an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha, ceann de rialacháin thábhachtacha an Aontais Eorpaigh sa réimse digiteach. Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, tugtar rialú níos fearr agus rogha níos mó d’úsáideoirí idirlín agus ardáin agus seirbhísí ar líne á n-úsáid acu. Suímid síos leis an mBreitheamh Saulius Lukas Kalėda chun plé a dhéanamh ar ról chúirteanna an Aontais maidir leis na rialacha sin a fhorfheidhmiú.
