An bhfuil sé de cheart ag saoránaigh a fháil amach conas a dhéanann an AE cinntí?

Conas is féidir linn a fhíorú gur úsáid institiúid Eorpach cistí poiblí i gceart? Conas is féidir linn a fháil amach cén fáth ar ghlac sí cinneadh? Tá rochtain na saoránach ar dhoiciméid cumhdaithe i ndlí an AE, agus tá na coinníollacha maidir lena chur i bhfeidhm soiléirithe de réir a chéile ag an gCúirt Bhreithiúnais. Mar sin féin, níl an ceart seo absalóideach agus ní mór cothromaíocht a bheith ann: nuair a bhíonn riosca ann, mar shampla, go ndéanfadh nochtadh dochar do chaidreamh idirnáisiúnta an AE nó go gcuirfeadh sé bac ar fheidhmiú rianúil an phróisis cinnteoireachta, féadfaidh faisnéis áirithe fanacht faoi rún.