Nuacht
-
Dul i mbun oifige Chláraitheoir nua na Cúirte Breithiúnais
I ndiaidh éirí as Alfredo Calot Escobar, a bhí ina Chláraitheoir ar an gCúirt ón 6 Deireadh Fómhair 2010, thogh na Breithiúna agus na hAbhcóidí Ginearálta Vittorio Di Bucci ina Chláraitheoir ar an gCúirt an 8 Meán Fómhair 2026 do théarma sé bliana, a bheidh i bhfeidhm ón 8 Deireadh Fómhair 2026 go dtí an 7 Deireadh Fómhair 2032.
-
Tús téarma oifige bheirt Chomhaltaí nua de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh
Le cinneadh an 30 Meán Fómhair 2026, cheap ionadaithe rialtais na mBallstát Andria Buhagiar agus Ivan Stoynev ina mBreithiúna ar Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh don tréimhse ón 5 Deireadh Fómhair 2026 go dtí an 31 Lúnasa 2031.
-
Cuairt ó Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas na Rómáine
An 5-6 Deireadh Fómhair 2026, thug toscaireacht ó Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas na Rómáine cuairt ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ag glacadh páirte i sraith seisiún oibre agus ag freastal ar éisteacht.
Cuardaigh cásanna
Fócas
Flash News National decisions of interest to the EU 3/26
Lá Oscailte 2026: Faigh amach faoi CBAE
An 17 Deireadh Fómhair 2026, reáchtálfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a Lá Oscailte bliantúil. Tá an t-imeacht oscailte do chuairteoirí de gach aois, agus tugann sé deis uathúil dóibh an ...
Rogha Bhliantúil na Mórbhreithiúnas
Foilsítear Rogha na Mórbhreithiúnas gach bliain. Tá achoimre ann ar na rialuithe is tábhachtaí ón gCúirt Bhreithiúnais agus ón gCúirt Ghinearálta ón mbliain roimhe sin. Tá sé ar fáil i ngach ceann de ...
Maidir le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh institiúid bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh.
Is institiúid í ina bhfuil dhá chúirt — an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta.
Déanann an Chúirt dlí an Aontais a fhorfheidhmiú agus a léiriú. Cinntíonn sí go n-urramaíonn institiúidí an Aontais agus na Ballstáit an dlí sin. Déanann an Chúirt léiriú amháin ar dhlí an Aontais ionas go gcuirfear i bhfeidhm é ar an mbealach céanna ar fud an Aontais.
Faoin gCúirt Bhreithiúnais
Is í an Chúirt Bhreithiúnais an Chúirt is airde san Aontas Eorpach. Is é an misean atá aici cinnte a dhéanamh de go leantar dlí an Aontais agus go gcuirtear i bhfeidhm é ar an mbealach céanna ar fud an Aontais Eorpaigh.
Tá sí ar cheann den dá chúirt san institiúid ar a dtugtar Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Tá 27 mBreitheamh agus 11 Abhcóide Ghinearálta aici.
Éisteann sí le roinnt cineálacha éagsúla cásanna. Den chuid is mó, pléann sí le ceisteanna faoi dhlí an Aontais arna seoladh ag cúirteanna náisiúnta agus le cásanna a thionscain an Coimisiún in aghaidh Bhallstáit an Aontais as d...
Maidir leis an gCúirt Ghinearálta
Is í an Chúirt Ghinearálta an ceann is ísle den dá Chúirt a comhdhéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Tá 54 bhreitheamh inti, 2 ó gach Ballstát.
Is é an príomhchúram atá uirthi éisteacht le gach cás arna thionscnamh ag daoine aonair, cuideachtaí agus eagraíochtaí a dhéanann agóid i gcoinne ghníomhartha nó chinntí Institiúidí agus chomhlachtaí eile an Aontais. Trí na cásanna sin, cinntíonn an Chúirt Ghinearálta go n-urramaíonn Institiúidí an Aontais an dlí.
Tá an Chúirt Ghinearálta freagrach freisin as roinnt ceisteanna arna dtarchur ag na cúirteanna náisiúnta a fhreagairt.
