Faoin gCúirt Bhreithiúnais
Is í an Chúirt Bhreithiúnais an Chúirt is airde san Aontas Eorpach. Is é an misean atá aici cinnte a dhéanamh de go leantar dlí an Aontais agus go gcuirtear i bhfeidhm é ar an mbealach céanna ar fud an Aontais Eorpaigh.
Tá sí ar cheann den dá chúirt san institiúid ar a dtugtar Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Tá 27 mBreitheamh agus 11 Abhcóide Ghinearálta aici.
Éisteann sí le roinnt cineálacha éagsúla cásanna. Den chuid is mó, pléann sí le ceisteanna faoi dhlí an Aontais arna seoladh ag cúirteanna náisiúnta agus le cásanna a thionscain an Coimisiún in aghaidh Bhallstáit an Aontais as dlí an Aontais a shárú. Éisteann sí freisean le hachomharc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta.
Cé a oibríonn sa Chúirt?
Na Breithiúna
Tá 27 mBreitheamh sa Chúirt, duine as gach Ballstát den Aontas.
Ainmníonn gach Ballstát a Bhreitheamh féin. Níl aon rialacha ann maidir leis an gcaoi a gcaithfear Breitheamh a roghnú agus is féidir le gach Ballstát a nós imeachta féin a leanúint. Mar sin féin, ní mór don duine a roghnófar a bheith neamhspleách agus a bheith cáilithe chun an oifig bhreithiúnach is airde a bheith aige sa Bhallstát a ainmníonn é nó a bheith ina shaineolaí aitheanta i ndlí an Aontais. Scrúdaíonn coiste speisialta na hiarrthóirí chun a chinntiú go bhfuil siad oiriúnach do ról an Bhreithimh nó an Abhcóide Ghinearálta. Tugtar Coiste 255 air, ainmnithe i ndiaidh Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lenar cruthaíodh é. Ceaptar na breithiúna go hoifigiúil ansin ag na Ballstáit a bhíonn ag gníomhú le chéile.
Ceaptar breithiúna ar feadh tréimhse sé bliana. Is féidir é sin a athnuachan.
An raibh a fhios agat?
Is é an Breitheamh is faide seirbhís sa Chúirt ná an t-uachtarán reatha, Koen Lenaerts, a ceapadh den chéad uair in 2003.
Toghann na Breithiúna Uachtarán agus Leas-Uachtarán ar feadh tréimhse trí bliana.
Toghadh an tUachtarán reatha, Koen Lenaerts, den chéad uair in 2015.

Cé mhéad Breitheamh a éisteann cás?
Ní éisteann gach Breitheamh gach cás. Sanntar gach cás ar Dhlísheomra. Léiríonn líon na mBreithiúna a thábhachtaí nó a chasta atá an cás.
Tá Dlísheomraí ag an gCúirt de
- 15 Bhreitheamh, ar a dtugtar an Mór-Dhlísheomra
- 5 Bhreitheamh
- 3 Bhreitheamh
Is féidir leis an gCúirt suí freisin mar chúirt iomlán ina bhfuil 27 mBreitheamh. Ní tharlaíonn sé sin ach amháin i gcásanna atá thar a bheith tábhachtach.
Is é Uachtarán na Cúirte a dhéanann cathaoirleacht ar an Mór-Dhlísheomra. Suíonn an Leas-Uachtarán freisin, mar aon le triúr Uachtarán ar Dhlísheomraí cúigear Breithiúna. Roghnaítear an deichniúr Breitheamh eile ansin de réir córas uainíochta sainiúil chun dáileadh cothrom cásanna a áirithiú.
Úsáidtear an Mór-Dhlísheomra i gcásanna atá thar a bheith casta nó tábhachtach chun dlí an Aontais a fhorbairt, nó nuair a iarrann Ballstát nó institiúid de chuid an Aontais é.
Éisteann dlísheomraí de thriúr nó cúigear Breithiúna eile cásanna eile. Toghtar Uachtaráin na nDlísheomraí ina bhfuil cúigear Breithiúna ar feadh téarma trí bliana, agus toghtar Uachtaráin na nDlísheomraí ina bhfuil triúr Breithiúna ar feadh bliana.
Éisteann dlísheomraí de thriúr Breithiúna thart ar 45 % de na cásanna. Éisteann dlísheomra de chúigear Breithiúna thart ar 40 % de na cásanna agus éisteann an Mór-Dhlísheomra thart ar 10 % de na cásanna.
Abhcóidí Ghinearálta
Tugann 11 Abhcóide Ghinearálta cúnamh don Chúirt freisin. Ceaptar iad ar an gcaoi chéanna leis na Breithiúna.
An raibh a fhios agat?
Toisc go bhfuil níos lú Abhcóidí Ginearálta ann ná na Ballstáit, ní féidir le gach tír Abhcóide Ginearálta a cheapadh ag an am céanna. Na cúig Bhallstát is mó – An Spáinn, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil agus an Pholainn — tá ceart buan ag gach ceann acu Abhcóide Ginearálta a cheapadh. Rothlaítear an sé phost eile i measc na 22 Bhallstát eile. Ceapann gach Ballstát Abhcóide Ginearálta ar feadh tréimhse sé bliana. Ansin téann an ceart Abhcóide Ginearálta a cheapadh ar aghaidh chuig an gcéad Bhallstát eile ar an liosta. Cinntear an t-ord sin de réir ord aibítre ainm an Bhallstáit ina theanga féin.
Tá ról an-speisialta ag na hAbhcóidí Ginearálta. Murab ionann agus Breithiúna, ní chinneann siad an cás.
Sula gcinnfidh na Breithiúna cás, cuirfidh an tAbhcóide Ginearálta “Tuairim” neamhspleách i láthair na mBreithiúna. Scrúdaíonn an Tuairim seo an cás agus moltar inti conas a d’fhéadfaí na fadhbanna a d’ardaigh an cás a réiteach.
Ní shuíonn Abhcóidí Ginearálta ar gach cás. Ní bhíonn siad páirteach ach amháin nuair a ardaíonn cás pointí nua dlí ina mbeadh Tuairim úsáideach.
Tá saoirse ag na Breithiúna cás a chinneadh mar is mian leo — ní gá dóibh Tuairim an Abhcóide Ghinearálta a leanúint.
Pé scéal é, beidh Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ina cuidiú le próiseas cinnteoireachta na Cúirte trí leas a bhaint as dearcadh neamhspleách eile.
An Cláraitheoir
Tá dhá ról ag an gCláraitheoir. Tá sé freagrach as dea-fheidhmiú na n-imeachtaí, ach feidhmíonn sé freisin mar Ard-Rúnaí na hinstitiúide.
Ina cháil mar Ard-Rúnaí, tá an Cláraitheoir freagrach as réimsí éagsúla, faoi údarás an Uachtaráin.
Tá an Cláraitheoir freagrach freisin as buiséad bliantúil CBAE a ullmhú agus a chaibidliú agus as a chinntiú go gcaitear cistí i gceart.
Déanann sé ionadaíocht ar an institiúid ina comhar le hinstitiúidí agus comhlachtaí éagsúla de chuid an Aontais agus idirghníomhaíonn sé le réimse páirtithe leasmhara seachtracha eile.
Toghann na Breithiúna agus na hAbhcóidí Ginearálta an Cláraitheoir ar feadh tréimhse in-athnuaite sé bliana
An raibh a fhios agat?
Ba é Albert van Houtte, an Cláraitheoir ab fhaide, a bhí ag fónamh ar feadh beagnach 29 mbliana, ó mhí an Mhárta 1953 go mí Feabhra 1982. Sna laethanta tosaigh, nuair a bhí an institiúid fós sách beag, ba í an tacaíocht bhreithiúnach príomhfhócas an Chláraitheora. De réir mar a d’fhás an institiúid, d’fhorbair ról an Chláraitheora freisin, agus níos mó freagrachtaí á nglacadh air féin de réir a chéile mar Ard-Rúnaí.
Is é Alfredo Calot Escobar Cláraitheoir reatha na Cúirte, atá sa phost sin ó 2010 i leith.
An Fhoireann
Tá beagán os cionn 2300 ball foirne fostaithe ag an gCúirt faoi láthair.
Is státseirbhísigh den Aontas Eorpach iad formhór na mball foirne sin, agus roghnaítear iad trí phróiseas roghnúcháin dian. Tá baill foirne ag an gCúirt ó gach Ballstát den Aontas.
Oibríonn thart ar leath d’fhoireann na Cúirte in Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais, atá dírithe ar a chinntiú go bhfuil obair na Cúirte ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi obair fhoireann na Cúirte, tabhair cuairt ar ár leathanaigh a dhíríonn ar gach ceann de ranna na Cúirte.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a bhféadfá iarratas a dhéanamh ar phost sa Chúirt, tabhair cuairt ar ár leathanaigh maidir le folúntais.
Cén cineál cásanna a éisteann an Chúirt?
Is é an misean atá ag an gCúirt a chinntiú go leantar dlí an Aontais agus go gcuirtear i bhfeidhm é ar an mbealach céanna ar fud an Aontais Eorpaigh. Déanann sí é seo trí éisteacht le cásanna ina bhfuil tuairimí éagsúla ag na páirtithe ar bhrí an dlí nó conas ar cheart é a chur i bhfeidhm. Is iad na cúirteanna náisiúnta a chuireann formhór na gcásanna faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. Tugtar tarchuir chun réamhrialú ar na cásanna sin. Mar sin féin, tagann cuid de na cásanna go díreach chuig an gCúirt, ar a dtugtar ‘caingne díreacha’.
Tarchur chun réamhrialú
Is cuid de dhlí náisiúnta gach Ballstáit den Aontas é dlí an Aontais. Ciallaíonn sé sin gur féidir dlí an Aontais a úsáid go díreach os comhair cúirteanna náisiúnta san Aontas. Mar sin tá breithiúna náisiúnta in ann dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go díreach. Tugtar ‘éifeacht dhíreach’ dhlí an Aontais air sin.
Mura bhfuil sé soiléir go beacht conas ba cheart dlí an Aontais a léiriú i gcás, is féidir le breithiúna náisiúnta ceisteanna a chur ar an gCúirt Bhreithiúnais. Ar an gcaoi sin, is féidir leo a shoiléiriú cad is brí le foráil de dhlí an Aontais nó an bhfuil sí bailí fiú. Cuireann sé sin ar a gcumas dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus cinneadh a dhéanamh an bhfuil reachtaíocht agus cleachtais náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.
Is féidir le haon chúirt nó binse neamhspleách san Aontas Eorpach na ceisteanna sin a chur más gá.
Ní mór do chúirteanna náisiúnta nach féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne a gcinntí na ceisteanna sin a chur mura bhfuil an freagra soiléir agus má tá gá leis an bhfreagra chun an cás a chinneadh.
Scrúdaíonn an Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna sin ansin.
Éisteann sí le tuairimí na ndaoine seo a leanas:
- na páirtithe sa chás náisiúnta
- aon Bhallstát den Aontas ar mian leis a bheith rannpháirteach sa chás — go minic, mar shampla, an tír as ar tháinig an cás
- an Coimisiún agus institiúidí eile den Aontas ar mian leo tuairim a thabhairt
Tugann an Chúirt rialú ansin. Tugann an rialú freagraí don bhreitheamh náisiúnta ar na ceisteanna a chuir siad. Cuireann sé sin ar chumas an bhreithimh náisiúnta cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir leis an gcás.
Tá rialú na Cúirte maidir le dlí an Aontais críochnaitheach agus ceangailteach. Ní mór don chúirt náisiúnta cloí leis an bhfreagra a thugann an Chúirt Bhreithiúnais. Ní mór do chúirteanna náisiúnta eile ar fud an Aontais an rialú sin a leanúint freisin má tá cásanna comhchosúla acu.
Ar an gcaoi sin, oibríonn an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta le chéile chun a chinntiú nach bhfuil ach léiriú amháin ar dhlí an Aontais á chur i bhfeidhm san Aontas.
Cinneadh go leor de na prionsabail is tábhachtaí de dhlí an Aontais tríd an gcineál sin cáis. Is tarchuir chun réamhrialú iad formhór na gcásanna arna n-éisteacht ag an gCúirt Bhreithiúnais (os cionn 60 %).
Éisteann an Chúirt Bhreithiúnais formhór na gcásanna sin. Mar sin féin, éisteann an Chúirt Ghinearálta cásanna a bhaineann le CBL, leis an scéim trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa, le custam, le mál nó le rangú earraí de réir taraife, agus le cúiteamh do phaisinéirí aeir.
Caingne díreacha
Is cásanna iad caingne díreacha a thagann go díreach chuig an gCúirt Bhreithiúnais. Ní féidir ach le hInstitiúidí an Aontais agus leis na Ballstáit na cásanna sin a thabhairt go díreach chuig an gCúirt.
In imthosca áirithe, is féidir le saoránaigh nó cuideachtaí cásanna a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sin, féach ár leathanach ar an gCúirt Ghinearálta.
Tá cineálacha éagsúla caingne díreacha ann. Is iad na caingne is coitianta caingne maidir le mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh agus caingne le haghaidh neamhniú.
Caingean maidir le mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh
Tugtar imeachtaí sáraithe orthu go coitianta freisin, agus tugtar na cásanna seo i gcoinne Ballstát den Aontas mar gheall ar mhainneachtain dlí an Aontais a chomhlíonadh.
Is féidir le Ballstát amháin caingean a thabhairt in aghaidh Ballstát eile, ach is annamh a bhíonn cásanna den sórt sin ann.
Is é an Coimisiún a thionscnaíonn formhór na gcásanna sin.
Déanann an Coimisiún faireachán rialta ar cibé an bhfuil dlí an Aontais á chomhlíonadh ag na Ballstáit. Déanann sé é sin go díreach é féin, ach déanann sé obair leantach freisin ar ghearáin a fhaigheann sé ó shaoránaigh.
Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil an dlí á urramú ag Ballstát, cuireann sé tús le nós imeachta oifigiúil in aghaidh an Bhallstáit sin. Tá trí chéim sa nós imeachta. Sa chéad dá chéim, tugtar foláireamh don Bhallstát faoin bhfadhb a d’fhéadfadh a bheith ann agus tugtar seans í a cheartú. Má theipeann ar an mBallstát amhlaidh a dhéanamh, nó mura n-aontaíonn an Coimisiún leis an bhfreagra, tugann sé an cás os comhair na Cúirte.
Cinneann an Chúirt ansin an bhfuil an dlí á shárú ag an mBallstát.
Le blianta beaga anuas, is ionann na cásanna sin agus níos lú ná 5 % de na cásanna uile a tugadh os comhair na Cúirte.
I gcásanna áirithe, i gcás go dteipeann ar Bhallstát reachtaíocht náisiúnta a achtú chun dlíthe áirithe de chuid an Aontais, ar a dtugtar Treoracha, a chur chun feidhme, d’fhéadfadh fíneáil láithreach a bheith mar thoradh air sin.
I gcásanna eile, má chinneann an Chúirt gur sháraigh Ballstát dlí an Aontais, ní mór don Bhallstát sin gníomhú chun rialú na Cúirte a urramú.
Má dhéanann Ballstát neamhaird de bhreithiúnas na Cúirte, féadfaidh an Coimisiún an dara cás a thabhairt. Má rialaíonn an Chúirt in aghaidh Ballstáit den dara huair, is féidir léi fíneálacha a ghearradh. D’fhéadfadh méid seasta le haghaidh iompraíocht roimhe seo a bheith i gceist leo sin, agus fíneáil a charnann go tréimhsiúil go dtí go gcomhlíonann an Ballstát.
Caingean le haghaidh neamhniú
Is cásanna iad sin a thugtar chun a iarraidh go gcuirfí dlí nó cinneadh de chuid an Aontais ar neamhní. Déantar an cás in aghaidh na hinstitiúide, na gníomhaireachta nó an chomhlachta eile de chuid an Aontais a rinne an cinneadh nó a d’achtaigh an dlí.
Má thionscnaíonn Ballstát an cás i gcoinne dlíthe arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus/nó ag an gComhairle, is í an Chúirt Bhreithiúnais a éisteann an cás. Eisceacht ar an riail sin is ea nuair atá Ballstát ag cur in aghaidh cinnidh ón gComhairle maidir le státchabhair, cumhachtaí frithdhumpála agus cumhachtaí cur chun feidhme. Ní mór na cásanna sin a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta.
Éisteann an Chúirt Bhreithiúnais cásanna a thionscain institiúid amháin i gcoinne institiúid eile freisin.
Éisteann an Chúirt Ghinearálta gach cás eile, go háirithe na cásanna sin arna dtionscnamh ag saoránaigh, cuideachtaí nó eagraíochtaí eile. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sin, féach ár leathanach ar an gCúirt Ghinearálta.
Caingne a bhaineann le mainneachtain gníomhú
Tá na cásanna sin cosúil le caingne le haghaidh neamhniú. Mar sin féin, in ionad iad a thabhairt nuair a bhíonn cinneadh déanta ag institiúid, tugtar isteach iad nuair a theipeann ar institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht cinneadh a dhéanamh. Ní féidir na cásanna sin a thabhairt ach amháin nuair a iarrtar ar an institiúid gníomhú agus nuair atá oibleagáid uirthi amhlaidh a dhéanamh.
Is fíor-annamh a bhíonn na cásanna sin ann.
Cosúil le caingne le haghaidh neamhniú, tá an Chúirt Bhreithiúnais freagrach as cásanna arna dtabhairt ag Ballstáit agus ag Institiúidí. Tá an Chúirt Ghinearálta freagrach as cásanna arna dtabhairt ag daoine aonair.
Tabhair faoi deara, cé go bhféadfadh saoránaigh aird an Choimisiúin a tharraingt ar shárú féideartha ar dhlí an Aontais ag Ballstát, nach bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún cás a thabhairt i gcoinne an Bhallstáit. Ní féidir cás a thabhairt mar gheall ar mhainneachtain gníomhú i gcoinne an Choimisiúin sna himthosca sin.
Achomhairc
Mar is amhlaidh i ngach córas dlí, tá sásra ann chun achomharc a dhéanamh i gcoinne roinnt cinntí ón gCúirt Ghinearálta chun na Cúirte Breithiúnais.
Ní féidir achomhairc a dhéanamh ach amháin maidir le ceisteanna dlí, ní maidir leis an gcaoi a ndearna an Chúirt Ghinearálta fíorais an cháis a shuí agus a mheas.
I gcásanna áirithe, tá an Chúirt Ghinearálta ag gníomhú mar chúirt achomhairc cheana féin. Tá bord achomhairc neamhspleách ag go leor gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais a dhéanann cinntí, mar shampla Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh nó Gníomhaireacht Ceimiceán an Aontais. Sna cásanna sin, beidh scrúdú déanta cheana féin ag Bord Achomhairc na Gníomhaireachta féin ar an gcinneadh tosaigh sula dtabharfar an cás os comhair na Cúirte Ginearálta. Dá bhrí sin, ní féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh chinntí sin na Cúirte Ginearálta ach amháin má thugann an Chúirt Bhreithiúnais cead trí nós imeachta speisialta. Ceadaítear dul ar aghaidh leis an achomharc nuair a ardaítear leis saincheist atá suntasach d’aontacht, comhsheasmhacht nó forbairt dhlí an Aontais.
Ní mór gach achomharc a dhéanamh laistigh de dhá mhí ó bhreith na Cúirte Ginearálta.
Má aontaíonn an Chúirt Bhreithiúnais leis an achomharc, féadfaidh sí an cás féin a chinneadh nó an cás a chur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun athmheasúnú a dhéanamh air. Seastar leis an achomharc i dtuairim is 25 % de na cásanna.
Is achomhairc iad thart ar an gceathrú cuid de na cásanna go léir sa Chúirt Bhreithiúnais.
Conas a oibríonn an nós imeachta?
Tá nós imeachta na Cúirte faoi rialú Reacht na Cúirte agus a Rialacha Nós Imeachta.
Tá dhá chuid bhunúsacha i nós imeachta na Cúirte, ar a dtugtar an chéim i scríbhinn agus an chéim ó bhéal.
Cuireann na páirtithe a n-argóintí faoi bhráid na Cúirte i scríbhinn. Is féidir leis na Ballstáit agus Institiúidí an Aontais barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte freisin. Seo an chéim i scríbhinn den nós imeachta.
Bíonn éisteacht ag go leor cásanna freisin. Is éisteachtaí poiblí iad na héisteachtaí, agus déantar na cinn is tábhachtaí a shruthú ar ár suíomh gréasáin. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi bhreathnú ar éisteachtaí, féach ár leathanaigh maidir le sruthú agus conas freastal ar éisteacht. Cúpla mí tar éis na héisteachta, tugann an tAbhcóide Ginearálta a Thuairim má iarrtar ceann. Seo an chéim ó bhéal den nós imeachta.
Nuair a bheidh an chéim ó bhéal críochnaithe, déanann na Breithiúna plé agus tagann siad ar a gcinneadh.
Fógraítear an breithiúnas ansin i gcúirt oscailte.
Ar an meán, tógann sé idir 16 mhí agus 18 mí ó thús go deireadh na gcásanna.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ár leathanach maidir leis an Nós Imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais.
