Cartlanna Stairiúla
Tá Cartlanna Stairiúla an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear cartlanna Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, inrochtana don phobal. Tá siad lonnaithe san Institiúid Ollscoile Eorpach (IOE) i bhFlórans. Is féidir leat rochtain ar na cartlanna a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh le IOE.
Faoi rialacha a glacadh in 1983, 2003 agus 2015, ní mór cartlanna stairiúla a bheith ag institiúidí an Aontais atá oscailte don phobal.
Mar thoradh ar chinneadh a rinne an Chúirt in 2014, tá cartlanna na Cúirte lonnaithe san Institiúid Ollscoile Eorpach (IOE) i bhFlórans, san Iodáil. Anseo, tá siad ar fáil do shaoránaigh an Aontais, lena n‑áirítear taighdeoirí ollscoile agus staraithe.
Chun tuilleadh eolais faoi rochtain a fháil ar na cartlanna, féach leathanach gréasáin IOE ar Chartlanna Stairiúla an Aontais Eorpaigh..
Cad iad na doiciméid atá san áireamh?
Sa Chartlann Stairiúil tá doiciméid a tháirgeann nó a fhaigheann institiúidí an Aontais Eorpaigh le linn a gcuid oibre, ar choinníoll
- gur roghnaíodh iad chun iad a choinneáil go buan
- go bhfuil siad os cionn 30 bliain d’aois
Chinn an Chúirt rochtain a thabhairt ní hamháin ar na doiciméid riaracháin ach ar na cartlanna breithiúnacha freisin. Tá gach ábhar inrochtana catalógaithe i bhfardal Chartlann Stairiúil an Aontais Eorpaigh.
Mar sin féin, ní bhíonn rochtain uathoibríoch ar na cartlanna: tá gach iarratas rochtana faoi réir scrúdú roimh ré.
Rochtain a iarraidh
Chun rochtain a iarraidh ar chomhad amháin nó níos mó ó na Cartlanna Stairiúla, seol ríomhphost chuig archiv@eui.eu.
Déanfar scrúdú cúramach ar an iarratas seo, agus aird á tabhairt, mar shampla, ar an méid seo a leanas:
- an ceart chun príobháideachais a chosaint
- leasanna tráchtála
- rúndacht na bpléití
Mar thoradh air sin, d'fhéadfadh an t‑am a thógann sé chun an t‑iarratas a phróiseáil a bheith éagsúil, ag brath ar chastacht nó ar mhéid an chomhaid.
Breathnú ar na cartlanna
Má dheonaítear rochtain duit, is féidir leat breathnú ar na doiciméid in IOE i bhFlórans nó tríd an mbunachar sonraí ar líne, saor in aisce.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na socruithe i ndáil le breathnú ar na doiciméid, féach an cinneadh a rinne an Chúirt in 2014.
Eolas agus teagmháil
Má tá aon cheist eile agat, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig an roinn sa Chúirt atá freagrach as an gcartlann stairiúil a bhainistiú ag Curia-archives-historiques@curia.europa.eu.
