Na meáin shóisialta:

Úsáideann an Chúirt cuntais meán sóisialta ar ardáin éagsúla chun daoine a chur ar an eolas faoina cuid oibre. Roinneann na cuntais sin an t-eolas is déanaí maidir le príomhchinntí agus imeachtaí institiúideacha áirithe, amhail suíonna foirmiúla agus cuairteanna oifigiúla. Mar gheall ar an líon ard cásanna arna gcinneadh ag an gCúirt, ní chumhdaítear gach cinneadh i gcuntais na Cúirte.

Is í Stiúrthóireacht Cumarsáide na Cúirte a bhainistíonn na cuntais.

Idirghníomhú le cuntais na Cúirte

Ní hionann nótaí tráchta agus teachtaireachtaí díreacha chuig na cuntais meán sóisialta agus ‘iarrataí oifigiúla ar eolais’ ón gCúirt.

Chun fiosrú oifigiúil a dhéanamh, is féidir leat an fhoirm theagmhála a úsáid.

Fáiltímid roimh phlé sibhialta faoi na hábhair a ardaítear in obair na Cúirte. Mar sin féin, bainfear nótaí tráchta nach mbaineann leis an bpostáil nó atá maslach. Tabhair faoi deara nach féidir leis an gCúirt dul i mbun díospóireachta faoina breithiúnais ar na cuntais sin.

Beartas maidir le cuntais a leanúint

Ní leanann an Chúirt cuntais a leantóirí go huathoibríoch.

Cé go leanann an Chúirt cuntas ar leith, ní chiallaíonn sé sin go bhformheasann an Chúirt an cuntas sin nó go dtacaíonn sí leis.

Ní leanfar cuntais mhailíseacha nó turscair.

Infhaighteacht

Déanann Stiúrthóireacht Cumarsáide na Cúirte nuashonrú agus monatóireacht ar na cuntais ó Luan go hAoine le linn uaireanta oibre.

Lean sinn!

linkedinCourt of Justice of the European Union

mastodon@Curia

bluesky@EUCourtOfJustice

instagram@EUCourtOfJustice

Threads @EUCourtOfJustice

x@EUCourtPress (in English)

x@CourUEPresse (en français)

whatsappEU Court of Justice

youtube@CourtofJusticeEU