Beartas teanga an tsuímh seo

Déanann an Chúirt Bhreithiúnais a dícheall a chinntiú go bhfuil a cuid faisnéise ar fáil go forleathan trí shuíomh gréasáin Curia a chur ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Tá an chuid is mó den suíomh gréasáin seo ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.

Mínítear leis an leathanach seo cad atá ar fáil agus na teangacha ina bhfuil rudaí ar fáil.

Beartas ginearálta

Is é aidhm an tsuímh gréasáin seo an oiread ábhair agus is féidir a sholáthar i ngach ceann de 24 teanga oifigiúil an Aontais. Cé gur tosaíocht í seo fós, ní mór don Chúirt teorainneacha praiticiúla a hacmhainní atá ar fáil a chur san áireamh freisin. Dá bhrí sin, i gcásanna áirithe ní chuirtear faisnéis ar fáil don phobal ach i líon teoranta teangacha.

Chun cabhrú le tuiscint, mura bhfuil leathanach aistrithe, tá aistriúchán uathoibríoch ar fáil tríd an gcnaipe aistriúcháin. Ní ráthaíonn an Chúirt cáilíocht na n‑aistriúchán uathoibríoch a chuirtear ar fáil. Tá siad ann mar chabhair chun tuiscint a fháil amháin.

Leathanaigh eolais

Tá gach leathanach phríomheolais ar shuíomh gréasáin Curia ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Áirítear ar na leathanaigh sin na leathanaigh ina leagtar amach obair na Cúirte, an chaoi a n‑eagraítear í agus an chaoi a bhfeidhmíonn sí, agus faisnéis faoi na Comhaltaí.

Agus tú ag nascleanúint an tsuímh, má tá leathanach ann sa teanga a roghnaigh tú, taispeánfar go huathoibríoch é sa teanga sin.

Doiciméid nós imeachta

Tá na doiciméid uile is gá chun cás a ullmhú agus a thaisceadh os comhair na Cúirte ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.

Leathanaigh nuachta

Mar gheall ar an tréimhse ghearr idir míreanna nuachta a dhréachtú agus a phostáil ar ár suíomh gréasáin, ní féidir aistriúchán daonna a chur ar fáil. Tá aistriúchán uathoibríoch ar fáil, áfach, tríd an gcnaipe aistriúcháin.

Breithiúnais agus Tuairimí

Aistrítear formhór bhreithiúnais agus thuairimí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta araon agus tá siad ar fáil ar an suíomh gréasáin i ngach ceann de na 24 theanga.

Mar sin féin, ní aistrítear roinnt breithiúnas. Is breithiúnais iad seo i gcásanna nach n‑ardaíonn ceisteanna atá thar a bheith casta ná tábhachtach.

Beidh aon bhreithiúnas nach n‑aistrítear go gach teanga ar fáil ar an suíomh gréasáin i dteanga an cháis agus sa teanga inar dréachtaíodh é, an Fhraincis de ghnáth.

Cad iad na cinntí a aistrítear go gach teanga?

An Chúirt Bhreithiúnais

Ón 1 Bealtaine 2004, mar riail ghinearálta, tá an méid seo a leanas ar fáil i ngach teanga:

  • Breithiúnais na Cúirte iomláine agus an Mhór-Dhlísheomra
  • Breithiúnais arna dtabhairt in imeachtaí réamhrialaithe
  • Breithiúnais arna dtabhairt i gcásanna seachas imeachtaí réamhrialaithe inar tugadh Tuairim an Abhcóide Ghinearálta
  • Tuairimí arna dtabhairt de bhun Airteagal 218(11) CFAEA

An Chúirt Ghinearálta

Ó Mheán Fómhair 2005, mura gcinneann foirmíocht na Cúirte lena mbaineann a mhalairt, aistrítear an méid seo a leanas:

  • Breithiúnais an Mhór-Dhlísheomra
  • Breithiúnais na nDlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu
  • roinnt breithiúnas ó Dhlísheomraí ina bhfuil triúr breithiúna — déanann foirmíocht na Cúirte lena mbaineann cinneadh ar bhonn cás ar chás

Cé na cásanna nach bhfuil ar fáil ach amháin i dteanga an cháis agus sa Fhraincis?

An Chúirt Bhreithiúnais

Mura gcinnfidh foirmíocht na Cúirte lena mbaineann a mhalairt, ní aistrítear na nithe seo a leanas, de ghnáth:

  • Breithiúnais arna dtabhairt i gcásanna seachas imeachtaí réamhrialaithe ag Dlísheomraí ina bhfuil triúr nó cúigear Breithiúna ag rialú gan Tuairim ó Abhcóide Ginearálta
  • Orduithe

Go hannamh, ní aistrítear réamhrialú arna thabhairt ag Dlísheomra de thriúr nó cúigear breithiúna. Ó mhí Mheán Fómhair 2011 i leith, is féidir leis an Dlísheomra cinneadh a dhéanamh gan breithiúnais den sórt sin a aistriú.

An Chúirt Ghinearálta

Mura gcinntear a mhalairt, ní fhoilsítear na nithe seo a leanas sna Tuairiscí:

  • roinnt breithiúnas ó Dhlísheomraí de thriúr breithiúna — déanann foirmíocht na Cúirte lena mbaineann cinneadh ar bhonn cás ar chás
  • Breithiúnais na Cúirte Ginearálta ó Bhreitheamh aonair
  • Orduithe lena mbaineann cinneadh breithiúnach amhail cás a dhúnadh nó iarratas ar bhearta idirlinne a dhúnadh

Preaseisiúintí

Tá formhór na bpreaseisiúintí ar fáil ar an suíomh gréasáin i dteanga an cháis, i bhFraincis agus/nó i mBéarla ar a laghad. Tá an rogha teangacha bunaithe ar mheasúnú maidir leis an spéis a léireofar sa chás.

Acmhainní eile ar an suíomh

Tá líon mór acmhainní ar an suíomh gréasáin ar fáil i ngach ceann de na 24 theanga, lena n-áirítear:

  • Athbhreithniú ar an mbliain
  • Rogha Bhliantúil na Mórbhreithiúnas
  • Bileoga Eolais maidir le Cásdlí

Ar mhaithe le trédhearcacht, cuireann an Chúirt raon leathan acmhainní dlíthiúla eile ar fáil freisin. Is minic gur acmhainní iad sin a ullmhaíodh do riachtanais inmheánacha na Cúirte féin. Cuirtear na doiciméid sin ar fáil sna leaganacha teanga atá ann.

Áirítear ar na hacmhainní sin:

  • Díolaim Chásdlí an Chomhphobail (an Fhraincis)
  • Feasachán Míosúil ar Chásdlí (an Fhraincis agus an Béarla)
  • Nótaí taighde (an Fhraincis agus, den chuid is mó, an Béarla)
  • Cinntí ó chúirteanna náisiúnta ar díol spéise iad i ndlí an Aontais (ar fáil sna teangacha a chuireann an chúirt náisiúnta ar fáil)
  • Cuir i láthair ó chomhdhálacha agus imeachtaí (ar fáil i dteanga bhunaidh an chur i láthair)