Beartas Comhshaoil

Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tiomanta don chomhshaol a chosaint.

Is rannpháirtí gníomhach í sa Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil, ar a dtugtar EMAS. Bunaíodh an scéim dheonach sin le Rialachán de chuid an Aontais chun cabhrú le heagraíochtaí meastóireacht a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil agus í a fheabhsú.

EMAS agus an Chúirt

An 15 Nollaig 2016, dheimhnigh Aire Comhshaoil Lucsamburg clárú EMAS na Cúirte. Ba chéim shuntasach í sin in aistear comhshaoil na Cúirte. Cuidíonn sé leis an gCúirt feabhas a chur ar a feidhmíocht chomhshaoil agus léiríonn sé a comhréireacht le spriocanna níos leithne an Aontais maidir leis an inbhuanaitheacht.

Is féidir rochtain a fháil thíos ar phríomhdhoiciméid a bhaineann le hiarrachtaí na Cúirte mar chuid de EMAS. Tá siad ar fáil i bhFraincis.

  1. Beartas Comhshaoil: Leagtar amach sa doiciméad seo prionsabail agus spriocanna foriomlána comhshaoil na Cúirte. Feidhmíonn sé mar threoir straitéiseach na Cúirte d’oibríochtaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
  1. Ráiteas Comhshaol Leagtar béim sa doiciméad seo ar ghníomhaíochtaí na Cúirte agus ar a dtionchar ar an gcomhshaol, chomh maith le gealltanais agus iarrachtaí na Cúirte maidir lena feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú. Déantar é a nuashonrú gach bliain.
  1. Tuarascáil Lorg Carbóin: Soláthraítear sa doiciméad seo tuarascáil dhiagnóiseach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na Cúirte. Eisíodh é den chéad uair in 2010 agus tugadh cothrom le dáta é go rialta ó shin i leith.

Pas Fuinnimh Lucsamburg

Cuireann Lucsamburg rialacha dochta i bhfeidhm maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, chun cuidiú le tomhaltas fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil na tógála a laghdú.

Faoi na rialacha sin, tá teastas feidhmíochta fuinnimh faighte ag an gCúirt, ar a dtugtar ‘pas fuinnimh’. Is saineolaí neamhspleách a bhunaíonn an méid sin agus feidhmíonn sé mar lipéad cáilíochta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh.