Turais threoraithe le hOifig Turasóireachta Chathair Lucsamburg
Eagraíonn Oifig Turasóireachta Chathair Lucsamburg turais threoraithe ar an gCúirt. Tá líon na n-áiteanna teoranta do 20 cuairteoir in aghaidh an turais agus in aghaidh an lae.
Turais threoraithe
Reáchtáiltear na turais sin lasmuigh d’uaireanta rialta na Cúirte:
- ar laethanta na seachtaine tar éis 17:30
- ag an deireadh seachtaine
- le linn saoire bhreithiúnach
Conas turas treoraithe a chur in áirithe
Ba cheart áirithintí a dhéanamh ceithre seachtaine ar a laghad roimh ré trí Oifig Turasóireachta Chathair Lucsamburg.
Sonraí teagmhála
- Seoladh: 30 Place Guillaume II, L-1618 Lucsamburg
- Fón: +352 22 28 09
- R-phost: touristinfo@lcto.lu
- Suíomh gréasáin: https://www.luxembourg-city.com/
