Turais ealaíne sa Chúirt

Eagraíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh turais threoraithe saor in aisce ar a bailiúchán ealaíne inmheánach ina dtaispeántar oidhreacht chultúrtha na hEorpa.

Turais threoraithe ar na foirgnimh agus ar na saothair ealaíne

A bhuí le tabhartais agus iasachtaí ó Bhallstáit an Aontais, tá bailiúchán saothar ealaíne sa Chúirt lena léirítear oidhreacht chultúrtha na hEorpa. Agus foirgnimh na Cúirte á ndearadh, chuir an t-ailtire Dominique Perrault san áireamh an chaoi a bhféadfaí an bailiúchán a thaispeáint agus a eagrú ar bhealach níos fearr.

Eagraíonn Seirbhís Cuairteanna na Cúirte turais threoraithe saor in aisce chun breathnú ar an mbailiúchán ina shuíomh ailtireachta uathúil.

Bíonn turais ar fáil i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis, de réir sceideal réamhshainithe.

Más mian leat páirt a ghlacadh i dturas, ba cheart duit clárú leis an bhfoirm chlárúcháin dhá lá oibre ar a laghad roimh ré.

Is féidir le suas le 20 duine páirt a ghlacadh i ngach turas. Ba cheart do gach cuairteoir pas, cárta aitheantais nó ceadúnas tiomána a thabhairt leo agus teacht chuig bealach isteach an chuairteora 15 nóiméad roimh thús an turais.

Is féidir turais threoraithe bhreise ar dháta eile nó i dteangacha eile a eagrú arna iarraidh sin do ghrúpaí de sheachtar rannpháirtithe ar a laghad. Is féidir leat an rogha ‘cuairteanna eagraithe’ a úsáid ar an bhfoirm theagmhála chun teagmháil a dhéanamh le Seirbhís na gCuairteanna.