Maidir leis an gCúirt Ghinearálta

Is í an Chúirt Ghinearálta an ceann is ísle den dá Chúirt a comhdhéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Tá 54 bhreitheamh inti, 2 ó gach Ballstát. 

Is é an príomhchúram atá uirthi éisteacht le gach cás arna thionscnamh ag daoine aonair, cuideachtaí agus eagraíochtaí a dhéanann agóid i gcoinne ghníomhartha nó chinntí Institiúidí agus chomhlachtaí eile an Aontais. Trí na cásanna sin, cinntíonn an Chúirt Ghinearálta go n-urramaíonn Institiúidí an Aontais an dlí.

Tá an Chúirt Ghinearálta freagrach freisin as roinnt ceisteanna arna dtarchur ag na cúirteanna náisiúnta a fhreagairt.

Tá 54 Bhreitheamh ar an gCúirt Ghinearálta, 2 ó gach Ballstát.

Ainmníonn gach Ballstát a Bhreithiúna féin. Níl aon rialacha de chuid an Aontais ann maidir leis an gcaoi a gcaithfear Breitheamh a roghnú agus is féidir le gach Ballstát a nós imeachta féin a leanúint. Mar sin féin, ní mór don duine a roghnófar a bheith neamhspleách agus a bheith cáilithe chun ardoifig bhreithiúnach a shealbhú. Scrúdaíonn coiste speisialta na hiarrthóirí chun a chinntiú go bhfuil siad oiriúnach do ról an Bhreithimh. Tugtar Coiste 255 air seo, arna ainmniú as Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an tAontas Eorpach, lenar cruthaíodh é. Ceapann na Ballstáit go léir ag gníomhú le chéile na breithiúna go hoifigiúil ansin.

Ceaptar breithiúna ar feadh tréimhse sé bliana. Is féidir é sin a athnuachan.

An raibh a fhios agat?

Is é Marc Jaeger, as Lucsamburg, a ceapadh den chéad uair in 1996, an Breitheamh is faide ar an gCúirt Ghinearálta. Bhí sé ina Uachtarán ar an gCúirt Ghinearálta freisin ar feadh 12 bhliain ó Mheán Fómhair 2007 go Meán Fómhair 2019.

Toghann na Breithiúna Uachtarán agus Leas-Uachtarán ar feadh tréimhse trí bliana.

Is é Marc van der Woude an tUachtarán reatha, a toghadh den chéad uair in 2019.

Grand Salle Themis

Abhcóidí Ginearálta

Murab ionann agus an Chúirt Bhreithiúnais, níl Abhcóidí Ginearálta buana ag an gCúirt Ghinearálta. Is féidir le Breitheamh, áfach, ról an Abhcóide Ghinearálta a chomhlíonadh.

I dtarchuir chun réamhrialuithe, toghtar beirt Bhreithiúna as na Breithiúna chun gníomhú mar Abhcóide Ginearálta. Toghtar iad ar feadh téarma trí bliana. Éistear i gcónaí leis an Abhcóide Ginearálta i dtarchur chun réamhrialú, ach ní eiseoidh sé Tuairim ach amháin i gcás ina n-ardaíonn cás pointí nua dlí agus ina mbeadh Tuairim úsáideach.

I gcaingne díreacha, féadfar freisin, in imthosca eisceachtúla, cúram an Abhcóide Ghinearálta a shannadh do Bhreitheamh. Mar sin féin, is annamh a tharlaíonn sé sin. Níor bhain ach dornán cásanna, ag tús stair na Cúirte Ginearálta go luath sna 1990idí, leas as an bhféidearthacht sin.

Cé mhéad Breitheamh a éisteann cás?

Ní éisteann gach Breitheamh gach cás. Sanntar gach cás do Dhlísheomra.

Tá 10 nDlísheomra ag an gCúirt Ghinearálta ar féidir leo cásanna a éisteacht le triúr nó cúigear Breithiúna. Tá Mór-Dhlísheomra de 15 Bhreitheamh agus Dlísheomra idirmheánach de naonúr Breithiúna ann freisin.

Léiríonn líon na mBreithiúna a thábhachtaí nó a chasta atá an cás.

Is Dlísheomraí ina bhfuil triúr Breithiúna a éisteann formhór na gcásanna. I gcásanna annamha, is féidir leis an mBreitheamh is Rapóirtéir, ina shuí mar Bhreitheamh aonair, cásanna a shanntar do Dhlísheomra ina bhfuil triúr Breithiúna a éisteacht agus a chinneadh. Éisteann cúigear Breithiúna le tachuir chun réamhrialuithe.

Toghtar Uachtaráin na nDlísheomraí as measc na mBreithiúna ar feadh tréimhse trí bliana.

Is féidir leis na Dlísheomraí uile caingne le haghaidh neamhniú a éisteacht. Mar sin féin, sanntar cásanna maoine intleachtúla do Dhlísheomraí sonracha, mar aon le cásanna foirne. Cuidíonn an speisialtóireacht sin lena chinntiú go láimhseáiltear cásanna ar an mbealach is éifeachtúla.

Tá dhá Dhlísheomra speisialaithe ann a éisteann na tarchuir chun réamhrialú a aistrítear chuig an gCúirt Ghinearálta. Tá seisear Breithiúna i ngach Seomra, agus toghtar duine acu mar Abhcóide Ginearálta. Tugann an tAbhcóide Ginearálta ón Seomra speisialaithe eile an Tuairim.

An Cláraitheoir agus an Chlárlann

Tá a Clárlann féin ag an gCúirt Ghinearálta, a bhainistíonn na cásanna.

Is é an Cláraitheoir atá i gceannas ar an gClárlann. Ceapann Breithiúna na Cúirte Ginearálta an Cláraitheoir ar feadh tréimhse sé bliana. Dála na mBreithiúna, is féidir an téarma sin a athnuachan freisin. Is é Vittorio Di Bucci an Cláraitheoir reatha, a ceapadh den chéad uair in 2023.

Úsáideann an Chúirt Ghinearálta ranna eile na hInstitiúide freisin.

Cad iad na cásanna a éisteann an Chúirt Ghinearálta?

Is féidir leis an gCúirt Ghinearálta a lán cineálacha éagsúla cásanna a éisteacht. Is iad na cásanna a thionscnaíonn daoine aonair agus cuideachtaí i gcoinne chinntí agus ghníomhartha Institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais an chuid is mó de na cásanna sin.

Caingne le haghaidh neamhniú arna dtionscnamh ag daoine aonair

Éisteann an Chúirt Ghinearálta gach cás a thionscnaíonn daoine aonair, cuideachtaí nó eagraíochtaí a dhéanann agóid i gcoinne ghníomhartha nó chinntí chomhlachtaí an Aontais. Chun go mbeidh an gníomh a bhfuil agóid á déanamh ina choinne inghlactha, ní mór go mbeadh an gníomh:

  1. dírithe go díreach ar an duine. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás cinneadh lena ndéantar sócmhainní duine a chalcadh nó cinneadh iomaíochta lena bhforchuirtear fíneáil ar chuideachta;
  2. ina ghníomh rialála a dhéanann difear díreach don duine sin agus nach bhfuil aon bheart cur chun feidhme eile ag teastáil uaidh chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm;
  3. ag baint go díreach agus go leithleach le staid dhlí an duine a thionscain an cás.

Tá brí an-sonrach le ‘cúram díreach agus leithleach’ i ndlí an Aontais. Ciallaíonn sé sin, cé nach n-ainmnítear an duine go díreach leis an gcinneadh, go ndéanann sé difear do staid dhlí an duine sin mar gheall ar shaintréithe áirithe a dhéanann idirdhealú idir é agus gach duine eile.

Má chinneann an Chúirt Ghinearálta go bhfuil an cinneadh mícheart, féadfaidh sí é a neamhniú. Ciallaíonn sin nach raibh an cinneadh ann riamh. Ní mór don Institiúid nó don chomhlacht a rinne an cinneadh cibé beart is gá a dhéanamh chun déileáil le hiarmhairtí an bhreithiúnais.

I gcásanna a bhaineann le fíneáil, mar shampla i gcásanna iomaíochta, tá ‘dlínse neamhtheoranta’ ag an gCúirt Ghinearálta. Ciallaíonn sé sin, má aimsíonn an chúirt earráidí sa chinneadh, ach nach leor é chun an cinneadh iomlán a neamhniú, gur féidir leis an gcúirt méid na fíneála a choigeartú. Is féidir leis an gcúirt cinneadh a dhéanamh freisin an fhíneáil a mhéadú.

Caingne le haghaidh neamhniú arna dtionscnamh ag na Ballstáit

Éisteann an Chúirt Ghinearálta cásanna arna dtionscnamh ag Ballstát i gcoinne an Choimisiúin.

Éisteann an chúirt sin freisin le cásanna arna dtionscnamh ag Ballstát i gcoinne na Comhairle in imthosca áirithe. Áirítear orthu sin cásanna dúshlánacha a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

  • Státchabhair
  • saincheisteanna trádála agus frithdhumpála
  • gníomhartha eile ina bhfeidhmíonn an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme

Tarchur chun réamhrialú

Is cuid de dhlí náisiúnta gach Ballstáit é dlí an Aontais. Ciallaíonn sé seo gur féidir dlí an Aontais a úsáid go díreach os comhair cúirteanna náisiúnta san Aontas Eorpach. Mar sin tá breithiúna náisiúnta in ann dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go díreach. Tugtar éifeacht dhíreach’ dhlí an Aontais air sin.

Mura bhfuil sé soiléir go beacht conas ba cheart dlí an Aontais a léiriú i gcás, is féidir le breithiúna náisiúnta ceisteanna a chur ar an gCúirt. Ar an gcaoi sin, is féidir leo a shoiléiriú cad is brí le foráil de dhlí an Aontais nó fiú an bhfuil sí bailí. Cuireann sé sin ar a gcumas iad dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus cinneadh a dhéanamh an bhfuil reachtaíocht agus cleachtais náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

Is féidir le haon chúirt nó binse neamhspleách san Aontas Eorpach na ceisteanna sin a chur más gá.

Ní mór do chúirteanna náisiúnta nach féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne a gcinntí na ceisteanna sin a chur mura bhfuil an freagra soiléir agus má tá gá leis an bhfreagra chun an cás a chinneadh.

Tugtar gach tarchur chun réamhrialú os comhair na Cúirte Breithiúnais ar dtús. Éisteann an Chúirt Bhreithiúnais a bhformhór freisin. Aistrítear cásanna chuig an gCúirt Ghinearálta, áfach, nuair a bhaineann siad leis na hábhair seo a leanas:

  • CBL
  • custaim, dleachtanna máil nó rangú earraí de réir taraife
  • trádáil astaíochtaí gás ceaptha teasa
  • cúiteamh do phaisinéirí

ach amháin má tá cinneadh ar phrionsabal i gceist leo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais.

A luaithe a fhreagraítear na ceisteanna, téann an cás ar ais chuig an gcúirt náisiúnta chun cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir leis an gcás.

Féadfaidh rialú na Cúirte Ginearálta maidir le dlí an Aontais a bheith faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcás ina gcinneann sí go ndéanann cinneadh na Cúirte Ginearálta difear d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais. Seachas sin, tá sé críochnaitheach agus ceangailteach. Ní mór don chúirt náisiúnta cloí leis an bhfreagra a thug an Chúirt Ghinearálta. Ní mór do chúirteanna náisiúnta eile ar fud an Aontais an rialú sin a leanúint freisin má tá cásanna comhchosúla acu.

Caingne a bhaineann le mainneachtain gníomhú

Tá na cásanna seo cosúil le caingne le haghaidh neamhniú. Mar sin féin, seachas iad a thabhairt isteach nuair a dhéanann comhlacht de chuid an Aontais cinneadh, tugtar na cásanna sin nuair a theipeann ar chomhlacht de chuid an Aontais cinneadh a dhéanamh. Ní féidir na cásanna sin a thabhairt ach amháin nuair a iarrtar ar chomhlacht an Aontais gníomhú agus nuair atá oibleagáid air  amhlaidh a dhéanamh.

Is annamh a bhíonn na cásanna sin ann.

Mar is amhlaidh i gcás caingne le haghaidh neamhniú, tá an Chúirt Ghinearálta freagrach as cásanna arna dtabhairt ag daoine aonair. Tá an Chúirt Bhreithiúnais freagrach as cásanna arna dtabhairt isteach ag na Ballstáit agus ag Institiúidí an Aontais.

Tabhair faoi deara, cé go bhféadfadh saoránaigh aird an Choimisiúin a tharraingt ar shárú féideartha ar dhlí an Aontais ag Ballstát, nach bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún cás a thabhairt i gcoinne an Bhallstáit. Ní féidir cás a thabhairt mar gheall ar mhainneachtain gníomhú i gcoinne an Choimisiúin sna himthosca sin.

Cásanna Maoine Intleachtúla

Tá a chóras trádmharcanna agus dearaí féin ag an Aontas. Is ann dóibh i gcomhthráth le trádmharcanna náisiúnta. Tá trádmharc de chuid an Aontais bailí ar fud an Aontais Eorpaigh.

Bainistíonn Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an córas sin agus cinneann sí an féidir trádmharcanna agus dearaí an Aontais a chlárú. Tá a nós imeachta achomhairc inmheánach féin ag EUIPO le Bord Achomhairc a éisteann agóidí i gcoinne na gcinntí sin.

Éisteann an Chúirt Ghinearálta achomhairc i gcoinne cinntí arna ndéanamh ag Bord Achomhairc EUIPO.

Is cásanna maoine intleachtúla iad thart ar 25 % de chásanna uile na Cúirte Ginearálta.

Cásanna foirne

Má tá díospóid fostaíochta ag fostaí de chuid an Aontais lena fhostóir (Institiúid, gníomhaireacht, etc. de chuid an Aontais), éisteann an Chúirt Ghinearálta an t-achomharc i gcoinne an chinnidh riaracháin chríochnaithigh.

Sna cásanna sin, gníomhaíonn an chúirt ar bhealach atá cosúil le cúirteanna fostaíochta i gcórais dlí náisiúnta.

Caingean le haghaidh damáistí

Éisteann an Chúirt Ghinearálta le hiarrataí ar chúiteamh as damáiste arbh iad gníomhaíochtaí neamhdhleathacha institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais ba chúis leis.

Conarthaí Sonracha

Uaireanta bíonn clásail shonracha sna conarthaí idir an tAontas agus cuideachtaí nó daoine aonair ina luaitear go bhfuil Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le haon chás a eascraíonn as díospóid faoin gconradh a éisteacht. Is gnáthchlásail iad na clásail sin i gconarthaí.

Éisteann an Chúirt Ghinearálta na cásanna sin.

Achomhairc i gcoinne Cinntí ón gCúirt Ghinearálta

Mar atá i ngach córas dlí, tá sásra ann chun achomharc a dhéanamh i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta chun na Cúirte Breithiúnais.

Ní féidir achomhairc a dhéanamh ach amháin maidir le ceisteanna dlí, ní maidir leis an gcaoi a ndearna an Chúirt Ghinearálta fíorais an cháis a shuí agus a mheas.

I gcásanna áirithe, tá an Chúirt Ghinearálta ag gníomhú mar chúirt achomhairc cheana féin. Tá bord achomhairc neamhspleách ag go leor gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais a dhéanann cinntí, mar shampla EUIPO nó Gníomhaireacht Ceimiceán an Aontais. Sna cásanna sin, beidh scrúdú déanta cheana féin ag Bord Achomhairc na Gníomhaireachta féin ar an gcinneadh tosaigh sula dtabharfar an cás os comhair na Cúirte Ginearálta. Dá bhrí sin, ní féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh chinntí sin na Cúirte Ginearálta ach amháin má thugann an Chúirt Bhreithiúnais cead trí nós imeachta speisialta. Ceadaítear dul ar aghaidh leis an achomharc nuair a ardaítear leis saincheist atá suntasach d’aontacht, comhsheasmhacht nó forbairt dhlí an Aontais.

Ní mór achomhairc a dhéanamh laistigh de dhá mhí ó bhreith na Cúirte Ginearálta.

Má aontaíonn an Chúirt Bhreithiúnais leis an achomharc agus má chuireann sí breith na Cúirte Ginearálta ar neamhní, féadfaidh sí an cás féin a chinneadh nó an cás a chur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun athmheasúnú a dhéanamh air.

Déantar achomharc ar thart ar 25 % de na cinntí go léir. Díobh sin, ach ní chuireann an Chúirt Bhreithiúnais ach 25 % díobh ar ceal. Mar thoradh air sin, ach ní chuireann an Chúirt Bhreithiúnais ach 6 % de rialuithe na Cúirte Ginearálta ar ceal.

Ní féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí maidir le tarchuir chun réamhrialú. Mar sin féin, is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais athscrúdú a dhéanamh ar an gcás má chinneann sí go ndéanann cinneadh na Cúirte Ginearálta difear d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais.

Conas a oibríonn an nós imeachta?

Tá an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta faoi rialú Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Tá dhá chuid bhunúsacha sa nós imeachta, ar a dtugtar an chéim i scríbhinn agus an chéim ó bhéal.

I gcás tarchuir chun réamhrialú, is ionann an nós imeachta agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais. Cuirtear tús le cásanna eile trí iarratas a thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta. Ní mór é sin a bheith sínithe ag dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirt de chuid Ballstáit.

Cuireann na páirtithe a n-argóintí faoi bhráid na Cúirte i scríbhinn. Is féidir leis na Ballstáit, le hInstitiúidí an Aontais agus le hinstitiúidí eile a bhfuil leas díreach acu i dtoradh an cháis idiragairt a dhéanamh freisin chun tacú le taobh amháin nó le taobh eile. Is í seo céim i scríbhinn an nós imeachta.

Bíonn éisteacht ag go leor cásanna freisin. Is éisteachtaí poiblí iad na héisteachtaí, agus is féidir na héisteachtaí is tábhachtaí a shruthú ar ár suíomh gréasáin. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi bhreathnú ar éisteachtaí, féach ár leathanaigh maidir le sruthú agus conas freastal ar éisteacht. Seo an chéim ó bhéal den nós imeachta.

Má iarrann an Chúirt Ghinearálta é, ullmhaíonn an tAbhcóide Ginearálta Tuairim. Tugtar tuairimí i gcúirt oscailte, agus craoltar cuid acu beo ar ár suíomh Gréasáin.

Nuair a bhíonn an chéim ó bhéal críochnaithe, déanann na Breithiúna plé agus tagann siad ar a gcinneadh.

Tugtar an breithiúnas ansin i gcúirt oscailte agus déantar cuid acu a shruthú beo ar ár suíomh gréasáin.

Ar an meán, tógann sé thart ar 20 mí ó thús go deireadh an cháis.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ár leathanach maidir leis an Nós Imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta.

Féach freisin