Todhchaí an ilteangachais
Is é an chúis atá leis an ilteangachas ná freastal ar an saoránach agus tá buntáistí doshéanta aige. Tá an cóimheas idir costais agus tairbhe an ilteangachais san Aontas Eorpach dearfach i gcónaí, cibé bealach a fhéachann duine air. Is eol an tairbhe, mura bhfuil siad intomhaiste: áirítear orthu sin an fhéidearthacht aghaidh a thabhairt ar na hinstitiúidí ina dteanga féin, tairbhe a bhaint as rialacháin uile an Aontais sa teanga chéanna sin, an ceart go ndéanfaí na teangacha náisiúnta uile a chosaint agus a chur chun cinn, agus cultúr, luachanna agus traidisiúin na mBallstát ag teacht le chéile. Tá an costas níos intomhaiste ach mar sin féin tá sé conspóideach; ní mór é a rialú a mhéid is féidir, agus cáilíocht á cothabháil ag an am céanna.
Cabhraíonn uirlisí a thacaíonn leis an ilteangachas, a bhfuil dul chun cinn suntasach ó thaobh na teicneolaíochta de á dhéanamh orthu, le gnóthachain shuntasacha táirgiúlachta agus bíonn comhchuibhiú oibre mar thoradh orthu. Mar shampla, is bealaí éifeachtacha iad an t-aistriúchán néarach, uirlisí eagarthóireachta aistriúcháin, uirlisí aitheantais gutha, áiseanna ateangaireachta cianda le cabhrú leis na seirbhísí. Níl na gairmeacha mar an gcéanna agus a bhí siad cúpla bliain ó shin agus tá a bhforbairt ag luasghéarú.
Féachann seirbhísí teanga le hathruithe teicneolaíochta agus forbairtí a ghlacadh chucu féin, lena n-áirítear, níos minice agus níos minice, an intleacht shaorga, d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint astu i gcónaí, gan cur isteach ar cháilíocht, nach gcaillfeadh riachtanas an ilteangachais a dlisteanacht dá n-uireasa.
Dá bhrí sin, tá tascanna a bhíodh fada agus leadránach leath-uathoibríoch anois, rud a ligeann don ghairmí níos mó ama a chaitheamh ar na tascanna suntasacha nach féidir leis an meaisín a dhéanamh go húsáideach. Tá saincheisteanna dlí agus teanga íogair agus is gá go mbeadh speisialtóir ag dul i ngleic leo. Tá an dlíodóir gairmiúil, an teangeolaí nó an t-ateangaire gairmiúil i gcroílár timpeallacht “mhéadaithe” anois: freastalaíonn an teicneolaíocht air agus úsáideann sé í le géarchúis agus freagracht, chun an caighdeán is fearr seirbhísí a ráthú, ar an gcostas is fearr, ar mhaithe le saoránaigh i gcónaí.
