Tá an Gairdín Ilteangachais oscailte don phobal

Ag siúl trí chosáin an ghairdín, trí steilí cruacha agus troscán sráide, cuirtear an siúlóir ar an eolas faoin ilteangachas, faoi luachanna Eorpacha agus faoi éagsúlacht teanga an Aontais Eorpaigh. Cuireann bothán ateangaireachta atá lonnaithe sa ghairdín pointe eolais ar fáil maidir le hilteangachas dlíthiúil agus gairmeacha ilteangacha.

Osclaíodh an Gairdín Ilteangachais go hoifigiúil Dé Máirt an 9 Bealtaine 2023, tráth cheiliúradh na hEorpa agus an ilteangachais agus Lá Oscailte na Cúirte.

Tá sé ar oscailt don phobal gach lá ó 7.00 r.n. go 20.00 i.n. ó Aibreán go Meán Fómhair agus ó 8.00 r.n. go 18.00 i.n. ó Dheireadh Fómhair go Márta.