Dlítheangeolaithe

Ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is iad na dlítheangeolaithe a aistríonn na cinntí agus na doiciméid is gá chun cásanna a láimhseáil den chuid is mó. Glacann siad páirt iomlán sa nós imeachta agus ceadaíonn siad scaipeadh ilteangach chásdlí na dlínse is airde san Aontas Eorpach.

Féadfar a iarraidh orthu cúraimí eile a dhéanamh, amhail cuidiú le téarmaíocht dhlíthiúil a bhunú, oiliúint dlí a chur ar fáil, nó gníomhú mar “dhuine tagartha” chun próiseáil agus aistriú iarratais ar réamhrialú a éascú.

Bíonn gairm na ndlítheangeolaithe ag síorathrú, a bhuí go háirithe leis an dul chun cinn mear sa teicneolaíocht. Déantar an t-aistriúchán i dtimpeallacht speisialaithe (“eagarthóir aistriúcháin”) ina n-úsáidtear cuimhní aistriúcháin, bunachair shonraí téarmaíochta agus torthaí an mheaisínaistriúcháin néaraigh. 

Le linn a ngairmeacha beatha, cuirtear oiliúint ar dhlítheangeolaithe: foghlaimíonn siad teangacha nua, cuireann siad lena gcumas na huirlisí a úsáid agus a n-eolas dlíthiúil a nuashonrú.

Tá na coinníollacha maidir le rochtain ar ghairm an dlítheangeolaí leagtha amach sna fógraí comórtais agus folúntais a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin EPSO nó ar shuíomh gréasáin Curia.

 

Féach freisin: 

>