François Biltgen

Uachtarán an Chéad Dlísheomra

Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh François Biltgen in 1958 i Lucsamburg (Ard-Diúcacht Lucsamburg). In 1981, bhain sé amach máistreacht sa dlí, chomh maith le Dioplóma Ardléinn (DEA) sa Dlí Poiblí in 1982, in Ollscoil an Dlí, eacnamaíocht agus eolaíochtaí sóisialta d’Ollscoil Pháras II Panthéon-Assas (an Fhrainc). An bhliain chéanna, bhain sé céim amach ón Institut d’études politiques de Paris (Institiúid Staidéar Polaitiúil Pháras, an Fhrainc).

Glacadh isteach ag Barra Ard-Diúcacht Lucsamburg é in 1987, áit ar chleachtaigh sé mar dhlíodóir ó 1987 go 1999. I gcomhthráth leis sin, lean sé lena ghairm bheatha pholaitiúil mar rúnaí ar ghrúpa parlaiminte an Pháirtí Shóisialaigh Críostaí i bParlaimint Lucsamburg ó 1983 go 1994, agus, ó 1987 go 1999, mar chomhairleoir i gComhairle Bardais Esch-sur-Alzette (Lucsamburg), ar ceapadh é ina leasmhéara ann ó 1997 go 1999, ceapachán lena gcabhraíodh leis post a bhaint amach mar chomhalta malartach de thoscaireacht Lucsamburg chuig Coiste Réigiúin an Aontais Eorpaigh idir 1994 go 1999. Toghadh é chuig Parlaimint Lucsamburg ar feadh téarma cúig bliana in 1994, agus ghlac sé páirt ghníomhach i ngníomhaíochta reachtacha ann, go háirithe trí ghníomhú mar rapóirtéir do roinnt bhillí a bhain le gníomhartha de chuid dhlí an Aontais.

Tar éis an olltoghcháin in 1999, vótáladh isteach i Rialtas Lucsamburg é agus bhí sé freagrach as roinnt aireachtaí : ceann i ndiaidh a chéile, ceapadh é mar Aire Saothair agus Fostaíochta, mar Aire Gnóthaí Eaglasta, mar Aire don Chaidreamh leis an bParlaimint agus mar Aire Stáit na Cumarsáide ó 1999 go 2004, mar Aire Saothair agus Fostaíochta, mar Aire Gnóthaí Eaglasta agus mar Aire Cultúir, Ardoideachais agus Taighde ó 2004 go 2009, ansin mar Aire Dlí agus Cirt, mar Aire Státseirbhíse agus um Athchóiriú Riaracháin, mar Aire Ardoideachais agus Taighde, mar Aire don Chumarsáid agus do na Meáin agus mar Aire Gnóthaí Eaglasta ó 2009 go 2013.

Léiríonn na misin a rinneadh faoi chuimsiú a fheidhmeanna aireachta na freagrachtaí a bhí aige ar  leibhéal idirnáisiúnta. Mar sin, in 2005, bhí sé ina chathaoirleach ar roinnt foirmíochtaí de Chomhairle an Aontais Eorpaigh. In 2005 agus 2009, bhí an tUasal Biltgen mar chomhchathaoirleach ar Chomhdháil Aireachta Phróiseas Bologna agus, ó 2012 go 2013, ar Chomhdháil idir-aireachta na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis (ESA).

Ceapadh an tUasal Biltgen ina bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2013 agus is Uachtarán ar Dlísheomra é ón 8 Deireadh Fómhair 2024.

Ceangail le fondúireachtaí, eagraíochtaí nó institiúidí sna réimsí dlí, cultúir, ealaíon, sóisialta, spóirt nó carthanúla

Comhalta den Choiste Eolaíoch den Revue trimestrielle des droits de l'homme (an Bheilg)

Comhalta den Bhord Comhairleach d’Ollúnacht Jean-Monnet “Eu Values & DIGitalization for our CommunNITY (DIGNITY)” den Management Center Innsbruck (an Ostair)

Comhaltas malartach de choiste eitice Chomhairle Stáit Lucsamburg (don tréimhse ó Eanáir 2021 go Nollaig 2023)

Teidil agus gradaim onóracha

Oifigeach den Ordre du Mérite du Luxembourg (1999)

Ard-Oifigeach den Ordre Grand-Ducal de la Couronne de Chêne (2004)

Ard-Oifigeach den Ordre de Mérite civil et militaire d’Adolphe de Nassau (2004)

Graô-Cruz do Ordem do Infante Dom Henrique (2005)

Ceannasaí na Croise Móire, Ord Leoin Phoblacht na Fionlainne (2009)

Ordre du Lion d’Or de la Maison de Nassau (2012)

Grosser Tiroler Adler-Orden (2012)

Ceannasaí in Ord Tuillteanais Phoblacht na hUngáire (2012)