Savvas S. Papasavvas

Uachtarán

Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Savvas S. Papasavvas sa Niocóis (an Chipir) in 1969, agus d’fhreastail sé ar an Ethnikó kai Kapodistriakó Panepistímio Athinón (Ollscoil Náisiúnta agus Kapodistriánach na hAithne, an Ghréig) áit ar ghnóthaigh sé chéim mháistreachta sa dlí (Ptychion) in 1991. Rinne sé staidéir iarmháistreachta ag université de Paris II (Ollscoil Pháras II, an Fhrainc), áit ar bronnadh teastas ardléinn sa dlí poiblí air. In 1995, ag deireadh a chuid staidéir dochtúireachta in Université d’Aix-Marseille III (Ollscoil Aix-Marseille III an Fhrainc), bronnadh an teideal Dochtúir sa Dlí air.

Glacadh isteach ag Barra na Cipire é, agus é ina bhall de Bharra na Niocóise ó 1993, lean an tUasal Papasavvas dá ghairm bheatha mar dhlíodóir go dtí gur ceapadh é chuig an gCúirt Ghinearálta in 2004.

Bhí baint aige freisin leis an teagasc ag an Panepistímio Kýprou (Ollscoil na Cipire) mar léachtóir ó 1997 go 2002, sular toghadh é ina léachtóir sa dlí bunreachtúil ó 2002 go 2004.

Ceapadh Papasavvas ina bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 12 Bealtaine 2004 agus d’fhóin sé mar Uachtarán Dlísheomra ar feadh dhá théarma as a chéile, ón 15 Meán Fómhair 2010 go dtí an 25 Meán Fómhair 2016. Thogh a chomhghleacaithe é mar Leas-Uachtarán an 27 Meán Fómhair 2019, agus bhí an oifig sin aige go dtí gur toghadh é ina Uachtarán ar an gCúirt Ghinearálta an 16 Meán Fómhair 2026.

Ceangail le fondúireachtaí, eagraíochtaí nó institiúidí sna réimsí dlí, cultúir, ealaíon, sóisialta, spóirt nó carthanacha

Comhalta bunaidh den Institiúid Eorpach Dlí

Comhalta den Eagraíocht Eorpach um an Dlí Poiblí (EPLO)

Comhalta den Societas Iuris Publici Europaei (SIPE) 

Comhalta bunaidh den Kypriakó Somateío Dikaíou Enérgeias 

Comhalta de choiste eolaíochta den irisleabhar Dikaiómata tou Anthropou 

Comhalta de Choiste Oinigh an Chumainn Cultúir Heilléanaigh i Lucsamburg

Comhalta de Bhord Comhairleach de Bhreithiúna na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (2025-2027)

Comhalta oinigh de Cyprus Association for the European Law (FIDE Cyprus)

Comhalta de choiste eolaíoch e-Politeia

Teidil agus gradaim onóracha

Dochtúir honoris causa, Ollscoil Eorpach na Cipire (2025)