Geert De Baere

Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra

Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Geert De Baere sa bhliain 1979 in Antuairp (an Bheilg). Bhain sé céim sa dlí amach ó Universiteit Antwerpen (Ollscoil Antuairp, an Bheilg) in 2002 agus bhain sé Master of Laws amach ó King's College ag University of Cambridge (Coláiste an Rí in Ollscoil Cambridge, an Ríocht Aontaithe) in 2003. Chríochnaigh sé a chuid staidéir le dochtúireacht sa dlí i gColáiste an Rí in Ollscoil Cambridge, áit ar chosain sé a thráchtas in 2007. Mar chuid dá dhochtúireacht, bhí sé ina thaighdeoir ar cuairt ag Columbia Law School ag Columbia University (Scoil Dlí Columbia ag Ollscoil Columbia, Stáit Aontaithe Mheiriceá) in 2005.

Tar éis dó a dhochtúireacht a chríochnú, d’oibrigh sé mar thaighdeoir comhlach iardhochtúireachta ag Universiteit Antwerpen ó 2007 go 2009.

Ina dhiaidh sin, thosaigh sé ag teagasc dhlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta ag Katholieke Universiteit Leuven (KUL) (Ollscoil Chaitliceach Leuven, an Bheilg) in 2009 agus é ina léachtóir ar cuairt. Lean sé air ag teagasc mar léachtóir ó 2010 go 2014 agus, ansin, mar léachtóir sinsearach ó 2015.

Idir 2007 agus 2009, bhí an tUasal De Baere ina rúnaí dlí ag an gCúirt Bhreithiúnais don Abhcóide Ginearálta Eleanor Sharpston agus, ansin, ó 2016 go 2017, don Bhreitheamh Alexandra (Sacha) Prechal.

Ceapadh Geert De Baere mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 4 Deireadh Fómhair 2017 agus bhí sé ina Uachtarán Dlísheomra ón 8 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 19 Meán Fómhair 2022. Thogh a chomhghleacaithe é mar Uachtarán Dlísheomra sa Chúirt Ghinearálta arís an 16 Meán Fómhair 2025, feidhmeanna atá aige ó shin.

Ceangail le fondúireachtaí, eagraíochtaí nó institiúidí sna réimsí dlí, cultúir, ealaíon, sóisialta, spóirt nó carthanúla

Comhalta den International Advisory Board den Jean Monnet Network “EU-China Legal and Judicial Cooperation (EUPLANT)”, ag Queen Mary University of London

Comhalta den choiste dréachtaithe ag Europe and the World: A Law Review

Eagarthóir ar nótaí cásdlí den Columbia Journal of European Law

Comhalta den Academic Review Board den Cambridge International Law Journal

Comhalta den choiste dréachtaithe den Oxford Reports on International Law in EU Courts