Lars Bay Larsen
Iar-Chomhalta
Beathaisnéis agus gairmréim
Rugadh Lars Bay Larsen in 1953 in Gladsaxe, Cóbanhávan (an Danmhairg). Rinne sé staidéar ag Københavns Universitet (Ollscoil Chóbanhávan, an Danmhairg). Bhain sé céim amach san eolaíocht pholaitiúil ann in 1976. In 1978 chláraigh sé arís i scoil dlí na hollscoile céanna agus bhain sé céim sa dlí amach ann in 1983.
Nuair a d’fhág sé an ollscoil, ceapadh é ina státseirbhíseach in Aireacht Dlí agus Cirt na Danmhairge, áit ar oibrigh sé ó 1983 go 1985. Ó 1985 go 1986, chuaigh sé i mbun oifige mar cheannaire rannóige ag an Advokatsamfund (Cumann Barra na Danmhairge). Ag filleadh ar Aireacht Dlí agus Cirt na Danmhairge, bhí post mar Cheann Roinne aige ó 1986 go 1991, mar Cheann Rannáin ó 1991 go 1995, mar Cheann na Roinne Póilíní ó 1995 go 1999 agus mar Cheann na Roinne Dlí ó 2000 go 2003. Ba le linn na tréimhse seo a rinne sé ionadaíocht ar an Danmhairg ar Choiste K-4 ó 1995 go 2000, ar Ghrúpa Lárnach Schengen ó 1996 go 1998 agus ar bhord stiúrthóirí Europol ó 1998 go 2000. Glacadh leis mar dhlíodóir sa Danmhairg in 1991, agus in 2003, d’aistrigh sé a shlí bheatha chun dul isteach sa bhreithiúnacht agus chuaigh sé isteach sa Højesteret (an Chúirt Uachtarach, an Danmhairg), áit a raibh sé mar bhreitheamh go dtí 2006.
Le gairm bheatha an Uasail Bay Larsen, léirítear an bealach maith ina mbíonn an cleachtas agus an teagasc ag teacht lena chéile, ós rud é go raibh sé ina léachtóir ó 1984 go 1991, agus ansin, ó 1991 go 1996, ina ollamh comhlach i ndlí an teaghlaigh ag an Københavns Universitet Ó 2008, bhí sé ina léachtóir i ndlí coiriúil na hEorpa in Ollscoil Luxembourg.
Breitheamh sa Chúirt Bhreithiúnais ón 11 Eanáir 2006 go dtí an 7 Deireadh Fómhair 2024. Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais ón 8 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 7 Deireadh Fómhair 2024.
