Staitisticí breithiúnacha Chúirt Bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh - 2022

Léargas ginearálta ar phríomhthreochtaí na staitisticí le bliain anuas

Le Marc-André Gaudissart, Cláraitheoir Cúnta na Cúirte Breithiúnais

Beartaítear leis an téacs seo, a bhíodh i gcorp Thuarascáil Bhliantúil Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh – Gníomhaíocht Bhreithiúnach, mar a dhéantar gach bliain, léargas ginearálta a thabhairt ar na príomhthreochtaí a eascraíonn ó na staitisticí breithiúnacha le bliain anuas a léamh. Dírítear san alt seo ar ábhar, áit tionscnaimh agus nádúr na gcásanna a tugadh os comhair na Cúirte Bhreithiúnais in 2022 agus tugtar treoir i leith na sonraí maidir le cásanna ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu.

Cé gur chríochnaigh an bhliain anuraidh ar phointe dearfach de bharr gur mhó líon na gcásanna ar cuireadh clabhsúr orthu agus líon na gcásanna a tugadh, le hísliú beag i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, bhí méadú ann freisin ar mheánfhad i leith cásanna réamhrialaithe a láimhseáil, ar cásanna iad ina n-ardaítear saincheisteanna atá ag éirí níos casta agus atá, in amanna, an-íogair. Sa chomhthéacs sin rinne an Chúirt iarraidh reachtaíochta an 30 Samhain 2022 d’fhonn raon feidhme ábhartha an tsásra chun a chinntiú ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh a leathnú agus dlínse réamhrialaithe na Cúirte Breithiúnais a aistriú go páirteach go dtí an Chúirt Ghinearálta d’fhonn cumas a thabhairt don dara ceann acu sin rialú a thabhairt ar cheisteanna arna dtarchur ag na cúirteanna náisiúnta faoi Airteagal 267 CFAE in ábhair shonracha arna leagan síos leis an Reacht.

Cásanna a tugadh

Mar a luadh cheana, tugadh beagán níos lú cásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais in 2022 (806 chás) ná mar a tugadh anuraidh, le 838 gcás nua cláraithe ag an gClárlann. Baineann an t-ísliú sin le hiarrataí ar réamhrialú agus achomhairc in aghaidh chinntí na Cúirte Ginearálta araon, ach tá raon feidhme teoranta ag baint leis agus, thar aon ní eile, níl tionchar bunúsach aige ar mhiondealú na dlíthíochta de réir chineál an cháis, de bharr gurb ionann tarchuir chun réamhrialú agus achomhairc amháin agus níos mó ná 90% na gcásanna a thugtar os comhair na Cúirte Breithiúnais (le, faoi seach, 546 iarraidh nua ar réamhrialú agus 209 n-achomharc, má chuirtear na catagóirí go léir le chéile, is ionann an céatadán sin agus 93% in 2022).

I bhfianaise na bhfigiúirí sin, dealraíonn sé go bhfuil cion na gcaingne díreacha sna cásanna a tugadh in 2022 (4.6%) measartha beag, cé gur tháinig méadú beag ar líon na gcaingne sin (37) anuraidh i gcomparáid leis an mbliain roimhe, nuair a bhí an líon níos ísle ná riamh (gan ach 29 gcás nua ann). I measc na gcaingne ar mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh a tugadh in 2022, is cóir aird ar leith a thabhairt ar an gcéad chaingean a tugadh in aghaidh tríú tír – an Ríocht Aontaithe – de bhun Airteagal 87(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. [1][2]

Trí bhíthin réamhrialú, caingean dhíreach nó achomhairc, arís bhain na cásanna a tugadh os comhair na Cúirte in 2022 le réimse an-leathan ábhar. Díreach faoi bhun 100 cás (95), bhí baint mhór arís le cásanna a bhain leis an tsaoirse, an tslándáil agus an gceartas i ngníomhaíocht na Cúirte, chomh maith le cásanna maidir le cánachas, cosaint tomhaltóirí agus cosaint sonraí pearsanta le roinnt mhaith iarrataí sa réimse deiridh sin déanta chun na Cúirte dírithe ar chásdlí na Cúirte a shoiléiriú tuilleadh i ndáil leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. [3] Tháinig ísliú géar ar líon na gcásanna i réimse na maoine intleachtúla le bliain anuas, réimse a bhíodh ard go leor roimhe seo, ó 83 chás nua in 2021 go dtí ach 49 gcás in 2022, cé go raibh méadú i líon na gcásanna nua i réimsí eile atá níos traidisiúnta. Tharla sin, go háirithe, le cásanna maidir leis na ceithre shaoirse bhunúsacha, ach freisin le cásanna a tugadh i réimsí na talmhaíochta, na hiomaíochta agus an tsoláthair phoiblí, chomh maith le réimse na seirbhíse sibhialta.

Maidir le tionscnamh tíreolaíochta na n-iarrataí ar réamhrialú a cuireadh faoi bhráid na Cúirte le bliain anuas, bhí líon na gcásanna mórán mar an gcéanna leis an mbliain roimhe sin. Mar a bhí ann in 2021, tháinig an líon is mó arís ón nGearmáin, ón Iodáil agus ón mBulgáir, agus na tíortha sin chun tosaigh in aicmiú ‘tíreolaíochta’ na réamhrialuithe (le, faoi seach, 98, 63 agus 43 iarraidh ar réamhrialú curtha faoi bhráid na Cúirte in 2022), ach bhí an Spáinn agus an Pholainn gar go leor don Bhulgáir, le 41 agus 39 gcás tarchurtha óna gcúirteanna le linn na bliana céanna. Le 34 chás, bhí líon na n-iarrataí ar réamhrialú a chuir cúirteanna na hOstaire sách gar do leibhéal na bliana roimhe sin (37 n-iarraidh in 2021), agus le 28, 29 agus 30 iarraidh faoi seach, fanann cúirteanna na hÍsiltíre, na Rómáine agus na Beilge i dteagmháil go rialta leis an gCúirt. Bhí méadú sonrach ann freisin ar líon na n-iarrataí a rinne cúirteanna na Portaingéile, a chuir ceisteanna in 28 gcás faoi bhráid na Cúirte in 2022 (i gcomparáid le 20 iarraidh in 2021).

Ar deireadh, maidir le réimse na gcásanna práinneacha, bhí laghdú suntasach ar líon na n-iarratas ar an nós imeachta brostaithe nó ar an nós imeachta práinne. Cé go raibh an líon sin ina bhuaic in 2021 (le 90 iarratas), thit sé go 54 iarratas anuraidh. Níor cuireadh aon nós imeachta brostaithe i bhfeidhm de bharr aon cheann de na hiarratais ar an nós imeachta sin in 2022, cé gur cuireadh an nós imeachta práinne i bhfeidhm seacht n-uaire i gcásanna a bhain le léiriú ar na rialacha a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta a dheonú nó a bhaint agus i gcásanna maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta nó choiriúla, lena mbaineann, inter alia, an ceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin in imeachtaí coiriúla agus cur chun feidhme an phrionsabail ‘ne bis in idem’ dá bhforáiltear in Airteagal 54 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme.

Cásanna a dúnadh

Cé gur tháinig ísliú beag ar líon na gcásanna a tugadh in 2022, léirítear a mhalairt de threocht leis na cásanna ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu le bliain anuas: ó 772 chás in 2021, tháinig méadú ar líon na gcásanna ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu go 808 gcás in 2022. Ba thoradh den scoth é sin, cinnte, de bharr, gan 2019 a chur san áireamh – inar shocraigh an Chúirt nach lú ná 865 chás – nár chuathas thar 800 de chásanna ar cuireadh clabhsúr orthu in aon bhliain amháin roimhe seo.

Ós rud é gurb ionann iarrataí ar réamhrialú agus achomhairc agus formhór na gcásanna arna dtabhairt os comhair na Cúirte, ní haon ionadh gurb ionann iad freisin agus formhór na gcásanna ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu, leis rialú tugtha ag an gCúirt ar nach lú ná 564 iarraidh ar réamhrialú agus 196 achomharc in 2022. Mar sin féin, le bliain anuas, iarradh ar an gCúirt rialú a thabhairt i roinnt caingne tábhachtacha i leith mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh nó caingne le haghaidh neamhniú, lena n-áirítear na caingne a thug, faoi seach, an Ungáir agus Poblacht na Polainne in aghaidh Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint. [4] Agus í ina suí mar Chúirt iomlán, dhiúltaigh an Chúirt d’argóintí an dá Stát sin i gcoinne an Rialacháin thuasluaite agus mar sin thug sí bailíocht don nasc, arna bhunú leis an Rialachán sin, idir meas ar an smacht reachta agus cur chun feidhme ceart bhuiséad an Aontais Eorpaigh, de réir phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais. [5]

Ar ábhar eile, is díol suntais é cinneadh na Cúirte ar an iarratas ar Thuairim ó Ríocht na Beilge maidir le comhoiriúnacht an Dréacht-Chonartha um Chairt Fuinnimh nuachóirithe do na Conarthaí, agus go háirithe Airteagail 19 CAE agus 344 CFAE. Ina Tuairim, a tugadh an 16 Meitheamh 2022, dhearbhaigh an Chúirt (an Ceathrú Dlísheomra) go raibh an t-iarratas sin do-ghlactha de bharr go raibh sé roimh am, de bhrí nach raibh faisnéis leordhóthanach ag an gCúirt ar ábhar an chomhaontaithe bheartaithe – agus, go háirithe, ar raon feidhme Airteagal 26 maidir le díospóidí idir infheisteoir agus páirtí conarthach a réiteach – chun rialú a thabhairt i leith comhoiriúnacht do na Conarthaí. [6]

Cé go raibh líon iomlán na mBreithiúnas, na dTuairimí agus na nOrduithe a ghlac an Chúirt le bliain anuas (732) beagán níos airde ná an bhliain roimhe sin (708), beidh suim ag an léitheoir sa líon suntasach orduithe de chineál breithiúnach, go háirithe i dtaca le hachomharc. Cé gurb ionann an líon sin agus 37% de na hachomhairc ar cuireadh clabhsúr orthu in 2020 agus 47% in 2021, d’ardaigh an líon go 57% in 2022, atá i bhfad níos airde ná céatadán na n-achomharc a réitíodh le Breithiúnas. Tá roinnt cúiseanna leis an méadú sin: ar dtús, baineann sé leis an líon ard achomharc a tugadh in aghaidh chinntí na Cúirte Ginearálta maidir le cinntí Bhoird Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh [7] agus, freisin, le húsáid mhéadaithe na féidearthachtaí a bhaineann le hAirteagail 181 agus 182 de na Rialacha Nós Imeachta. Cé nár cuireadh an dara hAirteagal sin i bhfeidhm ach uair amháin, in 2019, cuireadh clabhsúr ar nach lú ná sé chás de bhun Airteagal 182 in 2022. [8]

Cibé acu le haghaidh cásanna réamhrialaithe nó achomharc, léirítear leis an úsáid mhéadaithe d’orduithe gné shuntasach eile den bhliain anuraidh, eadhon líon ard na gcásanna ar chuir Dlísheomraí le triúr Breithiúna clabhsúr orthu. In 2022, b’ionann na cásanna sin agus níos mó ná 50% de na cásanna go léir ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu (i gcomparáid le 36% de chásanna ar chuir Dlísheomraí le cúigear Breithiúna clabhsúr orthu). Cuirimid na figiúirí sin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, le 45% den iomlán le haghaidh na nDlísheomraí le triúr Breithiúna agus 40% le haghaidh na nDlísheomraí le cúigear Breithiúna.

Is féidir treocht chosúil leis sin a fheiceáil i ndáil le cásanna a réitigh Leas-Uachtarán na Cúirte. De bharr gur tugadh líon ard achomharc in 2022 in aghaidh chinntí na Cúirte Ginearálta lenar diúltaíodh d’iarratas ar idiragairt nó cinntí a ghlac an Chúirt Ghinearálta faoi Airteagail 278 nó 279 CFAE, bhí ar an Leas-Uachtarán, atá freagrach as na cineálacha sin achomharc, an-chuid cinntí a thabhairt in 2022. Thug sé a dhá oiread orduithe ná an bhliain roimhe sin.

Os a choinne sin, bhí líon na gcásanna ar chuir an Mór-Dhlísheomra clabhsúr orthu mórán mar an gcéanna le bliain anuas. Le 77 gcás dúnta ag an bhfoirmíocht sin in 2022, b’ionann an meán agus na ceithre bliana roimhe sin, le líon na gcásanna ar chuir an Mór-Dhlísheomra clabhsúr orthu, trí bhreithiúnas nó ordú, idir 70 agus 83 chás.

Is toradh loighciúil freisin an laghdú ar an meánfhad chun déileáil le cásanna ar úsáid mhéadaithe na n-orduithe, de bharr go bhfuil an Chúirt in ann rialú a thabhairt ar na cásanna os a comair gan céim ó bhéal nó céim i scríbhinn den nós imeachta. In 2022, mar sin, b’ionann meánfhad chun déileáil le cás, gach cineál cáis le chéile, agus 16.4 mí, laghdú beag ar an mbliain roimhe sin (16.6 mí in 2021). 

Léirítear léargas níos measctha le hanailís níos mionsonraithe, áfach, ar na sonraí staitistiúla, de bharr, cé gur tháinig laghdú géar ar an meánfhad chun déileáil le hachomharc, ó 15.1 mí in 2021 go 11.9 mí in 2022, lean méadú i réimse na gcaingne díreacha, agus, thar aon ní eile, i réimse na réamhrialuithe. Cé gurbh ionann an meánfhad chun déileáil le hiarrataí ar réamhrialú agus 15 mhí in 2016 agus 15.5 mí in 2019, tháinig méadú de réir a chéile ar an méid sin go 15.9 mí in 2020, 16.7 mí in 2021 agus 17.3 mí in 2022. Is mar gheall ar na cásanna arna dtabhairt os comhair na Cúirte a bheith ag éirí níos casta, lena n-éilítear scrúdú níos mionsonraithe ar na ceisteanna arna gcur ag na cúirteanna tarchuir an toradh sin, ach is ábhar imní é don Chúirt de bharr go gcuireann an méid ama a bhaineann le déileáil le cásanna le fad na n-imeachtaí náisiúnta. Bíonn tionchar mar sin ag aon mhéadú ar an am a thógann an Chúirt agus í ag déileáil le cásanna ar fhad iomlán na n-imeachtaí os comhair na cúirte a rinne an tarchur agus ar chumas na cúirte sin an cás os a comhair a réiteach. B’in cheann de na cúiseanna leis an iarraidh reachtaíochta a luafar thíos.

Cásanna atá ar feitheamh

Amhail an 31 Nollaig 2022, bhí 1111 chás ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais, arb ionann sin le difear 2 agus líon na gcásanna ar cuireadh os a comhair amhail an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin (1113 chás). Bhain formhór na gcásanna sin le hiarrataí ar réamhrialú (774 chás) agus achomhairc (259 gcás).

Chun go mbeidh sí in ann leanúint ar aghaidh ag déileáil leis na cineálacha cásanna sin in am sásúil agus tráthúil, rinne an Chúirt, dá bhrí sin, an 30 Samhain 2022, iarraidh le reachtóir an Aontais chun Prótacal (Uimh. 3) ar Reacht Chúirt Bhreithiúnas an Aontais Eorpaigh a leasú. Is iarraidh le dhá chuspóir an iarraidh sin, atá ar fáil i ngach teanga oifigiúil ar shuíomh gréasáin na Cúirte. [9]

Ar dtús, an aidhm atá léi ná raon feidhme an tsásra chun a chinntiú ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh, dá dtagraítear in Airteagal 58a den Reacht, a leathnú go hachomhairc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta maidir le cinntí na mBord Achomhairc neamhspleách de sé chomhlacht nó ghníomhaireacht an Aontais a bhí ann nuair a tháinig an sásra sin i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019 ach nach luaitear go fóill in Airteagal 58a den Reacht [10] chomh maith le leathnú go dtí achomhairc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta arna dtabhairt faoi Airteagal 272 CFAE. 

Sa dara háit, an aidhm atá léi ná an fhéidearthacht atá in Airteagal 265(3) CFAE a chur chun feidhme trí aistriú páirteach, go dtí an Chúirt Ghinearálta, de dhlínse na Cúirte Breithiúnais chun réamhrialuithe a thabhairt i sé réimse shonracha: an comhchóras cánach breisluacha, dleachtanna máil, an Cód Custaim agus an rangú earraí de réir taraife san Ainmníocht Chomhcheangailte, cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí, agus an scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil.

Ar ndóigh, ní gan dochar an t-aistriú dlínse sin do chumhacht na Cúirte Ginearálta cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais má mheasann sí go bhfuil cinneadh prionsabail ag teastáil ar dhócha lena ndéanfaí dochar d’aonfhoirmeacht nó comhsheasmhacht dhlí an Aontais, dá bhforáiltear go sainráite sa dara mír d’Airteagal 256(3) CFAE, ach mar sin féin ba chóir go dtiocfaidh laghdú suntasach ar ualach oibre na Cúirte Breithiúnas dá bharr (agus go gcuirfí ar a cumas díriú ar chásanna eile) os rud é gurb ionann líon na gcásanna sna réimsí thuas faoi láthair agus thart ar 20% de na cásanna réamhrialaithe go léir.


[1]     IO L 29, 31 Eanáir 2020, lch. 7.

[2]     Cás C-516/22, an Coimisiún  v an Ríocht Aontaithe, ina ndéanann an Coimisiún gearán go bunúsach nár chomhlíon an Ríocht Aontaithe a hoibleagáidí faoi na Conarthaí agus faoin gComhaontú um Tharraingt siar trí bhreithiúnas de chuid Chúirt Uachtarach an Stáit sin lena n-ordaítear go bhforchuirfí dámhachtain eadrána a chinn an Coimisiún, agus ina dhiaidh sin an Chúirt Bhreithiúnais, a bhí in aghaidh dhlí an Aontais. Dar leis an iarratasóir, ba chóir do Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe forchur na dámhachtana sin a chur ar fionraí agus na himeachtaí ar feitheamh os comhair chúirteanna an Aontais nó ceist a tharchur maidir leis an mbailíocht chuig an gCúirt Bhreithiúnais faoi Airteagal 267 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 127(1) den Chomhaontú um Tharraingt siar.

[3]     Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4 Bealtaine 2016, lch. 1).

[4]     IO L 433, 22 Nollaig 2020, lch. 1, agus ceartúchán IO L 373, 21 Deireadh Fómhair 2021, lch. 94.

[5]     Breithiúnais an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, EU:C:2022:97, agus an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21, EU:C:2022:98).

[6]     Tuairim 1/20 (An Conradh um Chairt Fuinnimh nuachóirithe) an 16 Meitheamh 2022 (EU:C:2022:485).

[7]     In 2022, ghlac an Dlísheomra a chineann ar chóir achomharc a cheadú 41 ordú. In dhá chás (C-801/21 P, EUIPO v Indo European Foods, agus C-337/22 P, EUIPO v Nowhere, ceadaíodh an t-achomharc agus dá bhrí sin leanann na himeachtaí ar aghaidh, de réir na bhforálacha ábhartha de Theideal V de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte.

[8]     Is iad sin, Cásanna C-663/20 P, SRB v Hypo Vorarlberg Bank agus C-664/20 P, SRB v Portigon agus an Coimisiún, a dúnadh le horduithe an 3 Márta 2022 (EU:C:2022:162 agus EU:C:2022:161), Cásanna Uamtha C-313/21 P agus C-314/21 P, an Chomhairle v FI agus an Coimisiún v FI, a dúnadh le hordú an 22 Nollaig 2022 (EU:C:2022:1045) agus Cásanna Uamtha C-341/21 P agus C-357/21 P, an Coimisiún v KM agus an Chomhairle v KM, a dúnadh le hordú freisin an 22 Nollaig 2022 (EU:C:2022:1042).

[9]     https://curia.europa.eu/jcms/upload/docs/application/pdf/2022-12/demande_transfert_ddp_tribunal_ga.pdf

[10]   Is iad sin, faoi seach, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh, an Bord Réitigh Aonair, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.