InfoCuria nua – Ceisteanna Coitianta agus Leideanna don Chuardach
Leideanna agus comhairle maidir le conas is fearr inneall cuardaigh nua InfoCuria, a seoladh an 12 Eanáir 2026, a úsáid.
Seoladh comhéadan cuardaigh nua InfoCuria na Cúirte an 12 Eanáir 2026. Mar a bheadh le haon seirbhís nua, chuaigh roinnt úsáideoirí i dteagmháil linn le ceisteanna agus aiseolas.
Cuideoidh an t-aiseolas a fhaightear le feabhas a chur ar an tseirbhís.
Chomh maith leis an gcabhair ar líne, d’fhonn cabhrú le húsáideoirí le fadhbanna a thagann chun cinn go minic, chruthaíomar an liosta seo de cheisteanna agus leideanna a bhaineann leis an gcomhéadan nua a chuardach.
Conas critéir éagsúla a úsáid in aon chuardach amháin
Oibríonn an comhéadan nua le córas scagairí is féidir a chur i bhfeidhm roimh chuardach nó tar éis cuardach a dhéanamh. Is féidir, mar sin, cuardach téacs a dhéanamh agus ansin, leis na scagairí, liosta na dtorthaí a bheachtú.
Is féidir freisin na scagairí a úsáid astu féin, gan téarma cuardaigh a chur isteach ar dtús. Má roghnaítear sin is féidir freisin cuardach téacs a dhéanamh tar éis na scagairí a chur i bhfeidhm.
Cén fáth go bhfuil scagairí éagsúla ar fáil sna trí tháb torthaí?
Níl ar fáil ar an gcomhéadan nua ach na scagairí is ábhartha d’iomlán an chineáil faisnéise a léirítear.
Dá bhrí sin, níl scagairí amhail ‘Cineál doiciméid’ nó ‘Reachtaíocht a luaitear sa doiciméad’ ar fáil ach sa táb ‘tuairimí agus cinntí’, mar ansin a léirítear doiciméid.
Ar an dóigh chéanna, níl an scagaire ‘Cinéal nós imeachta’ ar fáil ach sa táb ‘Cásanna’.
Cuardach a dhéanamh de réir na reachtaíochta agus cásdlí a luaitear i mbreithiúnais agus tuairimí
Is féidir cuardach a dhéanamh le haghaidh breithiúnais agus tuairimí ina luaitear reachtaíocht nó breithiúnas ar leith.
Is féidir an cuardach sin a dhéanamh sa táb ‘Tuairimí agus cinntí’, tríd an scagaire ag an mbun ‘Reachtaíocht agus cásdlí a luaitear’ a úsáid.
Faoi láthair is gá uimhir CELEX a úsáid chun an cuardach seo a dhéanamh. Tugtar treoir leis an ngrafaic eolais seo i leith uimhreacha CELEX a chur le chéile. Tá sé ar intinn againn córas níos iomasaí chun reachtaíocht arna lua a chur ar fáil sa chéad leagan eile.
De réir mar a chlóscríobhann tú uimhir CELEX, molfaidh an fheidhm uathchríochnaithe roghanna éagsúla.
Cuardach a dhéanamh le haghaidh airteagal sonrach le CELEX
Is féidir uimhreacha airteagal a chur tar éis uimhir CELEX trí -A01 a úsáid, mar shampla, le haghaidh Airteagal 1. Is féidir fo-mhíreanna a chur leis freisin, -A01P01.
Molann an fheidhm uathchríochnaithe na huimhreacha sonracha forálacha seo freisin. Mura moltar airteagal, ciallaíonn sé nach bhfuil torthaí ann don fhoráil áirithe sin.
Mar shampla: Is féidir teacht ar Bhreithiúnais agus Tuairimí ina luaitear Airteagal 10 de Rialachán 1215/2002 le huimhir CELEX ‘32012R1215-A10’.
Cuardach a dhéanamh le haghaidh reachtaíocht arna lua sa táb ‘Cásanna’
Ní bhaineann an scagaire ‘reachtaíocht agus cásdlí a luaitear’ ach le breithiúnais, Tuairimí agus orduithe faoi láthair. Mar sin níl sé ar fáil ach faoin táb ‘Tuairimí agus cinntí’.
Cathain a bheidh bealach níos éasca ann chun cuardach a dhéanamh le haghaidh doiciméid ina luaitear reachtaíocht gan uimhir CELEX?
Is é aidhm na Cúirte forbairt a dhéanamh ar InfoCuria an t-am ar fad, agus mar thosaíocht atá feabhas a chur leis na feidhmeanna cuardaigh chasta. Cuirfear feabhas ar an gcuardach casta sna leaganacha amach anseo, lena n-áirítear bealaí níos simplí a chur ar fáil chun cuardach a dhéanamh le haghaidh reachtaíocht arna lua.
Cuardach a dhéanamh le huimhir nó ainm an cháis
Is féidir an barra cuardaigh téacs a úsáid chun teacht ar chás lena huimhir nó lena hainm. Is féidir torthaí níos fearr a fháil tríd an téarma beacht a chuardach le comharthaí athfhriotail a úsáid nó trí na moltaí uathchríochnaithe a úsáid.
Má tá cás á lorg agat a luadh i gcásanna eile, féadfaidh tú liosta fada torthaí a fháil. Réiteach air seo ná ord sórtála na dtorthaí a athrú go “Ábharthacht”.
Cuardach a dhéanamh le critéir chasta
Is é aidhm na Cúirte forbairt a dhéanamh ar InfoCuria an t-am ar fad, agus mar thosaíocht atá feabhas a chur leis na feidhmeanna cuardaigh chasta. Beidh feabhas ar an gcuardach casta sna leaganacha amach anseo agus beidh foirm chuardaigh chasta ilchritéar ann. Leis an bhfoirm sin beifear in ann cuardach a dhéanamh trí úsáid a bhaint as roinnt critéar nach bhfuil ar fáil go neamhspleách faoi láthair, lena n-áirítear:
- Uimhir an cháis
- Ainm an cháis
- Reachtaíocht arna lua (gan uimhir CELEX)
- Foinse na ceiste a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
- Teanga an cháis
- Foirmíocht na Cúirte
- Breitheamh is rapóirtéir
- Abhcóide Ginearálta
Tabhair faoi deara gur féidir faoi láthair cuardach a dhéanamh le roinnt de na critéir seo trí chuardach téacs a dhéanamh, le srianta áirithe. Féadfar na srianta seo a laghdú trí ord sórtála na dtorthaí a athrú go ‘Ábharthacht’.
Teanga an cháis
Sonraítear teanga an cháis i ngach fógra de chás nua a fhoilsítear san Iris Oifigiúil, agus i ngach breithiúnas freisin. Le cuardach a dhéanfar mar sin leis an bhfása ‘Teanga an cháis: Béarla’ leis na comharthaí athfhriotail, tabharfar sna torthaí gach cás le doiciméad foilsithe leis an teanga sin mar theanga an cháis.
Srian: Ní bheidh sna torthaí cásanna atá díreach tagtha chun na Cúirte de bharr nach bhfuil doiciméad foilsithe ag gabháil leis na cásanna sin go fóill.
Foinse tarchuir chun réamhrialú – de réir tíre
Do thíortha nach bhfuil ach teanga amháin acu, is féidir an cuardach ar theanga an cháis a mhínítear thuas a chur leis an scagaire ‘Cineál nós imeachta’ chun teacht ar na tarchuir chun réamhrialú go léir ón tír sin.
Srian: Ní bheidh sna torthaí cásanna atá díreach tagtha chun na Cúirte de bharr nach bhfuil doiciméad foilsithe ag gabháil leis na cásanna sin go fóill.
Srian: Le haghaidh tíortha a bhfuil teanga i gcomhroinn acu, léireofar sna torthaí cásanna ó na tíortha go léir leis an teanga sin. Tíortha lena mbaineann ná an Bheilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, Éire (seachas cásanna i nGaeilge), an Chipir, Lucsamburg, Málta (seachas cásanna i Máltais) an Ísiltír, an Ostair.
Foinse tarchuir chun réamhrialú – de réir cúirte
Le haghaidh cuardaigh ó chúirt ar leith, le cuardach téacs sa táb ‘Cásanna’, le hainm na cúirte a rinne an tarchur idir comharthaí athfhriotail, mar shampla ‘Oberster Gerichtshof’ agus trí shrian a chur ar na torthaí leis an scagaire ‘Foinse na dtorthaí’ socraithe go ‘Sonraí’, tabharfar na cásanna go léir arna dtarchur ag an gCúirt sin.
Srian: déanann an cuardach seo ‘Nótaí ar shaothair acadúla’ a chuardach freisin. Taispeánfar sna torthaí saothair acadúla ina bhfuil ainm na Cúirte ina dteidil freisin. Baineann seo go háirithe le hardchúirteanna agus cúirteanna uachtaracha. Laghdaítear an fhadhb seo trí na torthaí a shortáil.
Foirmíocht na Cúirte
Le cuardach téacs sa táb ‘Cásanna’, le hainm an dlísheomra idir comharthaí athfhriotail, mar shampla ‘an Seachtú Dlísheomra’ agus trí shrian a chur ar na torthaí leis an scagaire ‘Foinse na dtorthaí’ socraithe go ‘Sonraí’, tabharfar na cásanna go léir ón dlísheomra sin.
Breitheamh is rapóirtéir agus Abhcóide Ginearálta
Le cuardach téacs sa táb ‘Cásanna’, le hainm an bhreithimh idir comharthaí athfhriotail, mar shampla ‘van der Woude’ agus trí shrian a chur ar na torthaí leis an scagaire ‘Foinse na dtorthaí’ socraithe go ‘Sonraí’, tabharfar na cásanna ina raibh an duine sin ag feidhmiú mar Bhreitheamh is rapóirtéir nó Abhcóide Ginearálta.
Srian: más rud é go raibh an Comhalta sin ina Bhreitheamh agus ina Abhcóide Ginearálta ní féidir na cásanna ina raibh siad in mBreitheamh a dheighilt ó na cinn ina raibh siad ina nAbhcóide Ginearálta.
Srian: déanann an cuardach seo ‘Nótaí ar shaothair acadúla’ a chuardach freisin. Má tá alt acadúil scríofa ag an gComhalta lena mbaineann, tabharfar sin sna torthaí. Laghdaítear an fhadhb seo trí na torthaí a shortáil.
Breithiúnais agus doiciméid eile a léamh
An aidhm atá leis an réamhamharc ar an doiciméad ar dheis an scáileáin ná cabhrú le húsáideoirí cinneadh a dhéanamh an bhfuil an doiciméad úsáideach sula n-osclaítear é i lánscáileán. Leis sin seachnaítear an-chuid táb a bheith ar oscailt nó an gá le cliceáil idir doiciméid agus liosta na dtorthaí an t-am ar fad.
Chun doiciméad a oscailt i lánscáileán, trí chliceáil ar an gcnaipe íoslódála:
tugtar rochtain ar mhír aníos ina léirítear na teangacha agus na formáidí go léir atá ar fáil. Má osclaítear leagan html ón scáileán seo osclóidh an doiciméad i dtáb nua.
Smaoineofar ar an nasc idir an réamhamharc agus an téacs iomlán a fheabhsú i leaganacha amach anseo.
Doiciméid a phriontáil
Seans nach ndéanfar leaganacha html de dhoiciméid a phriontáil i gceart ó radharc lánscáileáin na mbreithiúnas.
Chun a chinntiú go gcuirtear an doiciméad i gcló go ceart, úsáid an gcnaipe phriontála in aice leis an roghchlár teanga agus tú sa leagan ‘Réamhamharc’ den doiciméad.

Liostaí torthaí a easpórtáil
Is féidir liostaí torthaí a easpórtáil. Trí líon na dtorthaí a thaispeántar in aghaidh an leathanaigh a mhéadú go 100, is féidir 100 toradh a easpórtáil i bhformáidí .csv agus .xlsx araon.
Nuair a chliceálaim ar dheilbhín Eur-Lex le haghaidh breithiúnas, tagann scáileán folamh aníos.
Bíonn faisnéis ar fáil ar shuíomh InfoCuria sula mbíonn sé foilsithe ar Eur-Lex. Más nasc chuig doiciméad nua an nasc lena mbaineann, is féidir leis seo tarlú.
Más rud é nach doiciméad nua atá ann, déan teagmháil linn leis an nasc agus an doiciméad a bhí á lorg agat ionas gur féidir linn an nasc a cheartú.
Cathain a bheidh leagan le huirlisí cuardaigh chasta?
Is é aidhm na Cúirte forbairt a dhéanamh ar InfoCuria an t-am ar fad, agus mar thosaíocht atá feabhas a chur leis na feidhmeanna cuardaigh chasta. Tá leagan nua den chomhéadan á fhorbairt faoi láthair. Beidh foirm chuardaigh chasta ilchritéar sa leagan nua sin. Táthar ag súil leis an leagan sin a sheoladh in Earrach 2026.
Le haghaidh tuilleadh eolais féach Forbairtí a dhéanfar go luath ar inneall cuardaigh InfoCuria
Cá bhfuil na fothaí RSS?
Níl fothaí RSS le haghaidh breithiúnas agus tuairimí ar fáil a thuilleadh.
Bogadh fothaí RSS le haghaidh preaseisiúintí go dtí an suíomh nua. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais ar shuíomh RSS.
Daoibh siúd a bhfuil fothaí RSS pearsana uaibh, cuireann Eur-lex an tseirbhís sin ar fáil.
