An Intleacht Shaorga

Is príomhghné den chaoi a n-oibríonn an Chúirt an nuálaíocht leanúnach. Is cuid den nuálaíocht sin úsáid fhreagrach na hintleachta saorga.

Tá Cúirt Bhreithiúnas an Aontais Eorpaigh tiomanta don nuálaíocht leanúnach. Ní mór don Chúirt a bheith réidh chun teicneolaíocht nua a ghlacadh chun freastal ar an Aontas agus a chuid saoránach i ndomhan atá ag síorathrú.

Chun an gealltanas seo a léiriú, thosaigh an Institiúid ag fiosrú comhtháthú na hintleachta saorga agus teicneolaíochta eile atá ag teacht chun cinn, i bhfad sular tarraingíodh aird ar an intleacht shaorga.

Bunaíodh Saotharlann don Nuálaíocht atá tiomnaithe do thástáil na nuálaíochtaí is déanaí agus a gcur i bhfeidhm féideartha laistigh den Institiúid in 2019.

In 2023, ghlac an Chúirt a stráitéis intleachta saorga go foirmiúil, agus ina dhiaidh sin bunaíodh an Bord Bainistíochta um an Intleacht Shaorga. Comhdhéanta de Chomhaltaí an dá chúirt, chomh maith le hionadaithe an riaracháin, cinntíonn an Bord go bhfuil na roghanna teicneolaíochta a dhéanann an Institiúid chun uirlisí atá bunaithe ar an intleacht shaorga a úsáid i gceart ó thaobh eitice de.

Tá an Chúirt tiomanta don Intleacht Shaorga a fhorbairt, a sheoladh agus a úsáid i gcomhréir le luachanna an Aontais, mar a chumhdaítear i Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, chun intleacht shaorga dhuinelárnach agus iontaofa a chur chun cinn. Agus í ag déileáil le córais intleachta saorga, chloígh an go dlúth leis na rialacha dlíthiúla is infheidhme, mar a leagtar síos, go háirithe, i Rialachán an Aontais maidir le Cosaint Sonraí agus sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga agus leanfaidh an Chúirt de bheith ag cloí leis na rialacha sin.

In 2026, i ndiaidh obair an Bhord Bainistíochta um an Intleacht Shaorga, ghlac an Chúirt Chairt Eitice na hIntleachta Saorga, ina leagtar amach sraith caighdeáin agus bearta eiticiúla a bheartaítear úsáid fhreagrach na hintleachta saorga a chur chun cinn agus na rioscaí bunúsacha a mhaolú.

Tríd an gCairt a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Chúirt leis na buntáistí a chuireann an intleacht shaorga ar fáil agus seachnófar aon thionchar diúltach féideartha ar a húsáid ar phróisis bhreithiúnacha agus riaracháin na Cúirte.

Le haghaidh tuilleadh eolas, léigh téacs iomlán Chairt Eitice na hIntleachta Saorga.