Cláraitheoir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Cláraitheoir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Bunfhaisnéis

Suíomh :
Lucsamburg
Deadline :
24/06/2026
Grád :
Comhaltaí
Cineál Conartha :
Comhaltaí

Beidh folúntas ann go luath do phost Chláraitheoir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ceapfar an Cláraitheoir i gcomhréir le nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 18 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

Ceaptar an Cláraitheoir go ceann téarma 6 bliana. Rialaítear a stádas agus a choinníollacha oibre le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais agus le Rialachán (AE) 2016/300 ón gComhairle an 29 Feabhra 2016 lena socraítear díolaíochtaí shealbhóirí oifige poiblí ardleibhéil an Aontais Eorpaigh.

Cineál na bhfeidhmeanna

Cabhraíonn an Cláraitheoir leis an gCúirt Bhreithiúnais a feidhmeanna breithiúnacha a chomhlíonadh. Chuige sin, comhlíonann sé na dualgais a ndéantar cur síos orthu in Airteagal 20 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

Thairis sin, is é an Cláraitheoir ard-rúnaí na hinstitiúide, atá comhdhéanta de dhá chúirt, eadhon Cúirt Bhreithiúnais agus Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh. Faoi údarás Uachtarán na Cúirte, bíonn sé freagrach as riarachán na hinstitiúide agus stiúrann sé an fhoireann agus na ranna. Feidhmíonn sé, trí tharmligean ón gCúirt, feidhmeanna oifigigh údarúcháin na leithreasuithe atá i mbuiséad na hinstitiúide.

Inniúlachtaí riachtanacha

Ní mór d’iarrthóirí:

  • a bheith ina náisiúnaigh de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;
  • oideachas dlí iomlán a bheith acu arna dheimhniú le céim ar leibhéal ollscoile, mar aon le heolas cuimsitheach ar dhlí an Aontais Eorpaigh agus ar fheidhmiú a chúirteanna;
  • 15 bhliain de thaithí oibre a bheith acu, lena n-áirítear cuid shuntasach i róil lena mbaineann freagrachtaí ar leibhéal an-ard;
  • leibhéal an-mhaith a bheith acu i mBéarla agus i bhFraincis. Beidh cumas i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh ina bhuntáiste.

Iarratas a chur isteach

Ní mór iarratais a bheith faighte ag an gCúirt Bhreithiúnais, trí ríomhphost amháin ag Greffier.CJUE@curia.europa.eu faoi mheán lae an 24 Meitheamh 2025 ar a dhéanaí.

Ní mór na doiciméid seo a leanas a bheith ag gabháil leis na hiarratais: (i) Curriculum vitae ina luaitear sonraí iomlána faoi náisiúntacht, céimeanna ollscoile, eolas ar theangacha, na slite beatha a bhí agus atá ag na hiarrthóirí, agus faoi aon taithí atá acu i ngnóthaí breithiúnacha agus idirnáisiúnta (ii) ráiteas gearr ar fhís an iarrthóra don phost (5 leathanach ar a mhéid).

[i]Déan iarratas anois