Éisteacht: Cás C-663/24 Streamz agus páirtithe eile

Dé Luain an 6 agus Dé Máirt an 7 Iúil 2026, éistfidh an Chúirt Bhreithiúnais Cás C-663/24 Streamz agus páirtithe eile.

Baineann an cás seo le dlí na Beilge lena gcuirtear treoir an Aontais maidir le cóipcheart sa mhargadh digiteach chun feidhme, lena dtugtar isteach ceart nua d’fhoilsitheoirí preasa, agus lena ndeonaítear ceart chun luach saothair ó sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne agus ó sholáthraithe seirbhíse sruthaithe d’údair agus do thaibheoirí. Tá Google, Spotify, Meta, Streamz agus páirtithe eile ag déanamh agóid i gcoinne cuid de na forálacha sin, ag áitiú go bhforchuirtear oibleagáidí nua orthu leis na forálacha sin.

D’iarr Cúirt Bhunreachtúil na Beilge ar an gCúirt Bhreithiúnais a shoiléiriú an bhfuil na bearta sin comhoiriúnach le dlí an Aontais, go háirithe rialacha cóipchirt, an tsaoirse chun seirbhisí a sholáthar agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh.

Beidh an éisteacht ar fáil sa chuid Curia Web TV dár suíomh gréasáin tar éis di a bheith críochnaithe.

San fhíseán thíos, tugann preasoifigeach na Cúirte forbhreathnú ar fhíorais an cháis agus ar na ceisteanna dlí atá i gceist.