Imeachtaí comhdhála an tríú heagrán de ‘EUnited in Diversity’ foilsithe

D’fhoilsigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh imeachtaí comhdhála an tríú heagrán de ‘EUnited in Diversity’, idirphlé leathbhliantúil idir an Chúirt agus cúirteanna bunreachtúla – nó a gcomhionann - na mBallstát.

Tionóladh an tríú heagrán i Sóifia, an Bhulgáir, ón 3 go dtí an 5 Meán Fómhair 2025, faoi stiúir Chúirt Bhunreachtúil na Bulgáire. Scrúdaíodh lena linn coincheap an ‘cheartais bhunreachtúil’ laistigh den Aontas, trí cheithre phainéal théamacha inar díríodh ar na hábhair seo a leanas:

  • leithdháileadh inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit arna rialú ag prionsabal na tabhartha
  • cosaint fhéiniúlacht an Aontais le linn géarchéimeanna
  • an treasghearradh idir dlí bunreachtúil náisiúnta agus dlí an Aontais sna Ballstáit
  • léiriú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht an dhlíchóras coiteann a áirithiú

Mar obair leantach ar an gcomhdháil, tugann an t-imleabhar le chéile an t-ábhar a thug na cainteoirí le linn na hócáide. Tá ábhar i mBéarla agus i bhFraincis sa himleabhar.

Tá an t-imleabhar ar fáil thíos.