Breithiúnas: Cásanna C-523/24 Sociedad Civil Catalana agus C-666/24 Associació Catalana de Víctimes d’Organitzacions Terroristes (ACVOT)

Déardaoin an 16 Iúil 2026, thug an Chúirt Bhreithiúnais a breithiúnais i gCásanna C-523/24 Sociedad Civil Catalana agus C-666/24 Associació Catalana de Víctimes d’Organitzacions Terroristes (ACVOT).

Sna cásanna seo, scrúdaigh an Chúirt an bhfuil Dlí Maithiúnais na Spáinne don Chatalóin i gcomhréir le dlí an Aontais.

In 2024, ghlac an Spáinn le dlí maithiúnais maidir le normalú institiúideach, polaitiúil agus sóisialta sa Chatalóin. Leis an dlí seo tugadh maithiúnas do ghníomhartha as a n-eascraíonn dliteanas coiriúil agus riaracháin chomh maith le dliteanas maidir le cistí poiblí, arna ndéanamh i dtaca leis an reifreann neamhdhleathach ar neamhspleáchas na Catalóine a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair 2017 agus próiseas neamhspleáchais níos leithne na Catalóine.

Cuireadh i leith roinnt daoine aonair gurbh iadsan a bhí cúis le caillteanais airgeadais do Phobal Féinrialaitheach na Catalóine tar éis dóibh cístí poiblí a úsáid chun an reifreann a eagrú agus chun neamhspleáchas na Catalóine a chur chun cinn go hidirnáisiúnta. Cuireadh i leith daoine aonair eile go ndearna siad cionta sceimhlitheoireachta a bhaineann le gluaiseacht neamhspleáchais na Catalóine. D’iarr dhá chúirt sa Spáinn ar an gCúirt Bhreithiúnais an bhfuil forálacha áirithe lena rialaítear an maithiúnais i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais faoi CFAE, prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí faoi CAE, agus aicmiú na ngníomhartha sceimhlitheoireachta faoin Treoir maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

San fhíseán gearr thíos, míníonn Koen Lenaerts, Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, rialú na Cúirte sna cásanna seo. Tá fotheidil ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus is féidir iad a chur ar siúl trí chliceáil ar an deilbhín ‘Fotheideal’.

Is féidir leat an phreaseisiúint a léamh freisin le haghaidh tuilleadh eolais.