Cuairt ó Chúirt Uachtarach na hEastóine

An 7 agus an 8 Meán Fómhair 2026, thug toscaireacht ó Chúirt Uachtarach na hEastóine, faoi stiúir a Uachtaráin Villu Kõve, cuairt ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Chuir Koen Lenaerts, Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, mar aon le beirt de Chomhaltaí na hinstitiúide ón Eastóin - Küllike Jürimäe, Uachtarán Dhlísheomra na Cúirte Breithiúnais, agus Iko Nõmm, Breitheamh den Chúirt Ghinearálta - fáilte rompu.

Tharla an chuairt i gcomhthéacs an dlúthchaidrimh sheanbhunaithe atá ag an gCúirt le cúirteanna náisiúnta na mBallstát agus thug sí deis an t-idirphlé breithiúnach a neartú a thuilleadh.

Dé Luain, an 7 Meán Fómhair, ghlac comhaltaí na toscaireachta agus chúirteanna an Aontais páirt i roinnt seisiún oibre lenar cumhdaíodh

  • tábhacht an idirphlé idir breithiúna i bhfianaise an smachta reachta agus luachanna an Aontais
  • an t-idirphlé idir na cúirteanna uachtaracha náisiúnta agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i bhfianaise cásdlí le déanaí maidir leis an oibleagáid cúiseanna a lua nuair a chinneann cúirt uachtarach gan ceist a tharchur le haghaidh réamhrialú
  • cur i bhfeidhm RGCS i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha
  • na dúshláin a bhaineann le cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú do dhaoine aonair a n-úsáidtear a sonraí pearsanta in imeachtaí coiriúla, lena n-áirítear i gcomhthéacs an Ordaithe Imscrúdaithe Eorpaigh

Thug na seisiúin sin deis do na rannpháirtithe páirt a ghlacadh i bpléití, tuairimí a mhalartú agus a dtaithí féin a roinnt maidir le hábhair leasa choitinn.

Dé Máirt, an 8 Meán Fómhair, d’fhreastail na rannpháirtithe ar éisteacht Mhór-Dhlísheomra na Cúirte Breithiúnais i gCásanna Uamtha C-296/25 P agus C-297/25 P an Pholainn v an Coimisiún. Fuair siad turas treoraithe freisin agus d’fhreastail siad ar chur i láthair na Cúirte Ginearálta ó na Breithiúna Eastónacha Lauri Madise agus Iko Nõmm.